Skip to main content

Culture and Creativity

Eintitis chultúrtha uile-Eorpacha

Tacaíonn gníomhaíocht na n-eintiteas cultúrtha uile-Eorpach le ceolfhoirne a chothaíonn ceoltóirí a bhfuil gealladh fúthu agus iad ag teacht chun cinn, a leathnaíonn rochtain ar chultúr, agus a spreagann luchtanna éisteachta éagsúla.

Is é is aidhm don ghníomhaíocht seo de chuid an chláir Eoraip na Cruthaitheachta tacaíocht a thabhairt d’eintitis chultúrtha, cuir i gcás ceolfhoirne, a bhfuil raon geografach leathan acu agus arb aidhm dóibh deiseanna oiliúna, gairmiúlaithe agus léirithe a chur ar fáil do cheoltóirí óga ardchumasacha.

Tacaíocht a thabhairt do cheolfhoirne a mhúnlaíonn todhchaí chultúrtha na hEorpa

Tacaíonn gníomhaíocht na n-eintiteas cultúrtha uile-Eorpach (PECE) faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta le ceolfhoirne a chothaíonn ceoltóirí a bhfuil gealladh fúthu agus iad ag teacht chun cinn, a leathnaíonn rochtain ar chultúr, agus a spreagann luchtanna éisteachta éagsúla. Ní hamháin gur ambasadóirí cultúrtha iad na ceolfhoirne sin ach is tionscnóirí bhunluachanna an Aontais Eorpaigh iad freisin, mar atá:

  • saoirse ealaíonta
  • éagsúlacht
  • dlúthpháirtíocht
  • inbhuanaitheacht

Cad é is cuspóir do ghníomhaíocht na n-eintiteas cultúrtha uile-Eorpach?

Cuidíonn an ghníomhaíocht sin le ceoltóirí óga i gceolfhoirne fás go healaíonta agus go gairmiúil. Cuireann sí le beartas cultúrtha an Aontais tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • rochtain ar cheol agus ar chultúr a leathnú thar theorainneacha
  • barr feabhais agus éagsúlacht ealaíne a chur chun cinn
  • nuálaíocht agus cleachtais inbhuanaithe a spreagadh i gcruthú agus léiriú an cheoil agus rannpháirteachas an lucht éisteachta a spreagadh

Téamaí agus tosaíochtaí

Is ar an méid seo a leanas a dhíríonn ceolfhoirne Eorpacha a dtacaítear leo faoin ngníomhaíocht seo:

  • foghlaim agus forbairt scileanna
  • rannpháirtíocht na hóige agus an athléimneacht earnála
  • saoirse an léirithe ealaíonta, na soghluaisteachta agus an chomhair trasteorann
  • éagsúlacht, comhionannas, cuimsiú
  • daonlathas agus dlúthpháirtíocht tríd an gcultúr, tacaíocht don Úcráin san áireamh
  • inbhuanaitheacht agus gníomhú ar son na haeráide
  • nuálaíocht i gcleachtas ealaíonta agus rannpháirteachas an lucht éisteachta

Buaicphointí roghnúcháin 2021

Le haghaidh na tréimhse 2021-2023, chómhaoinigh an tAontas Eorpach 4 eintiteas chultúrtha uile-Eorpacha i réimse na gceolfhoirne. Chuir na tionscadail sin ar a gcumas do bhreis agus 800 ceoltóir óg Eorpach páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na dtionscadal ar leibhéil éagsúla.

Buaicphointí roghnúcháin 2024

In 2024, leithdháil an ghníomhaíocht thart ar €11 mhilliún ar 5 thionscadal nua, arna n-óstáil sna tíortha seo: 

  • an Ostair
  • an Ghearmáin
  • an Mhacadóin Thuaidh
  • an Phortaingéil
  • an Spáinn

Tacaíonn na tionscadail sin le ceoltóirí atá ag teacht chun cinn ó 20 tír ar a laghad atá rannpháirteach sa chlár Eoraip na Cruthaitheachta. Is léiriú bríomhar iad ar thírdhreach ceoil saibhir agus athraitheach na hEorpa a chuimsíonn seánraí éagsúla amhail ceol barócach, clasaiceach, comhaimseartha, córúil, siansach, traidisiúnta, snagcheoil, ceol scannáin agus ceol meán digiteach. 

I measc a ngníomhaíochtaí tá ceoldrámaí, saothair chórúla shiansacha, saothair nua, agus taifeadtaí gairmiúla.

Tagged in:  Eoraip na Cruthaitheachta

Last updated: