Skip to main content

Culture and Creativity

Tionscadail chomhair Eorpacha

Tacaíonn clár Eoraip na Cruthaitheachta le tionscadail chomhair trasnáisiúnta ina bhfuil eagraíochtaí as earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i dtíortha éagsúla páirteach. Clúdaíonn sé an tAontas Eorpach agus tíortha níos faide i gcéin.

Tá sé mar aidhm ag Eoraip na Cruthaitheachta an maoiniú seo a úsáid chun rochtain ar saothar cultúrtha agus cruthaitheach a fheabhsú, agus chun an nuálaíocht agus an chruthaitheacht a chur chun cinn.

Tacú le comhar trasteorann

Tá maoiniú ar fáil i gcomhair trí chineál tionscadal:

  • Tionscadail chomhair ar mionscála (íoslíon de thriúr comhpháirtithe as trí thír incháilithe éagsúla)
  • Tionscadail chomhair ar meánscála (íoslíon de chúigear comhpháirtithe as cúig thír incháilithe éagsúla)
  • Tionscadail chomhair ar mórscála (íoslíon de dheichniúr comhpháirtithe as deich thír incháilithe éagsúla)

Cumhdaíonn na tionscadail earnáil chultúir agus chruthaitheachta amháin nó níos mó, agus is féidir leo a bheith idirdhisciplíneach.

Fad na dtionscadal

Is é 48 mí tréimhse uasta na dtionscadal uile.

Incháilitheacht le haghaidh maoiniúcháin

Is féidir le heagraíochtaí atá gníomhach in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta cur isteach ar an maoiniú. Ní féidir le daoine aonair cur isteach air.

Tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais

Faigh tuilleadh eolais faoi na tionscadail chomhair Eorpacha agus faoi na glaonna eile ar thograí faoi shnáithe Cultúir Eoraip na Cruthaitheachta.

Beidh mionsonraí faoin bpróiseas iarratais ar fáil in am trátha ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr; i roinn na nglaonna ar thograí; agus trí Dheasca Eoraip na Cruthaitheachta.

Tagged in:  Eoraip na Cruthaitheachta