Lárleabharlann Heilsincí Oodi
Áit chruinnithe bheo do chách.
- Tír:
-
An Fhionlainn
- Type of project :
- Cultural facility
- Size of city/region:
- 200 000 inhabitants to 1 million inhabitants

Príomhfhíricí
Cineál tionscadail: saoráid chultúrtha
Stiúideonna ailtireachta: ALA Architects
Príomhurraitheoir: Cathair Heilsincí
An bhliain a cuireadh an tionscadal i gcrích: 2018
Ábhair: Adhmad, gloine, coincréit
Achar iomlán: 17,100 m²
Duaiseanna:
- Leabharlann Phoiblí na Bliana 2019
- Vuoden Teräsrakenne 2018
- Gradam Rogha an Phobail, Gradaim AZ
- Gradam Eorpach um Dhearadh Cruach
- Gradam don Tionscadal Tionchair is Fearr san Oidhreacht 2020
- Ar ghearrliosta Dhuais EUmies 2019
Cúlra cathrach/réigiúnach
Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal ar dtús foirgneamh a chruthú a d’fheidhmeodh mar spás cathrach i gcroílár na tírdhreacha uirbí, arb iad na saintréithe a bheadh aige a oscailteacht don phobal, sábháilteacht agus cead isteach saor in aisce do chách.
Roghnaíodh suíomh straitéiseach os comhair Eduskuntatalo (Teach na Parlaiminte) le haghaidh Oodi d’aon ghnó mar chomhartha den idirnasc idir an rialtas agus an pobal. Mar gheall ar an suíomh a roghnaíodh tá an leabharlann nua suite i lár cheantar cultúrtha na cathrach, i gcóngar d’institiúidí iomráiteacha éagsúla.
Sheol Heilsincí comórtas ailtireachta maidir le dearadh na leabharlainne, comórtas lenar éilíodh go mbeadh an leabharlann inbhuanaithe agus ag teacht leis an gcomhthéacs uirbeach.
Réiteach
Roghnaíodh an t-ainm ‘Oodi’ chun ómós a thabhairt don chathair agus dá cónaitheoirí. Is é ‘Óid’ an Ghaeilge a bheadh air sin, rud a léiríonn ról na leabharlainne mar cheiliúradh ar an gcultúr, ar an eolas agus ar an daonlathas.
Tá struchtúr na leabharlainne comhdhéanta den chuid is mó de spásanna poiblí ina gcuirtear rogha leathan seirbhísí i láthair. Is féidir le cuairteoirí páirt a ghlacadh in go leor gníomhaíochtaí agus a leasanna a shaothrú go réamhghníomhach. Feidhmíonn sé mar ardán atá ag síorathrú don fhoghlaim agus don fhás pearsanta do chónaitheoirí Heilsincí agus do chuairteoirí chuig Heilsincí araon.
Mar gheall ar an leagan amach ailtireachta tá feidhmeanna na leabharlainne roinnte i dtrí leibhéal: urlár talún bríomhar, urlár uachtarach síochánta, agus spás dúnta idir eatarthu a bhfuil feidhmeanna ilchuspóireacha aige. Tá an coincheap dearaidh bunaithe ar na trí leibhéal a idirnascadh le chéile. A bhuí le haghaidh ghloine an fhoirgnimh, síníonn an chearnóg lasmuigh de go dtí an taobh istigh, agus ar an gcaoi sin, nascann sí leis na spásanna poiblí ar urlár na talún. Ar an tríú hurlár tá atmaisféar na leabharlainne traidisiúnta caomhnaithe, agus ó Bhalcóin na Saoránach, is féidir amharc amach ar an tírdhreach uirbeach.
Idir an dá leibhéal sin, is é an dara hurlár an spás is príobháidí, agus é suite taobh istigh de struchtúr adhmaid cuartha. Tá fadú ceartingearach déanta ar an struchtúr adhmaid sin, rud a chruthaíonn naisc leis na sraitheanna os a chionn agus faoina bhun.
Critéir don ardchaighdeán (comhthéacs, ómós áite, éagsúlacht, áilleacht)
- Cuireadh béim shuntasach sna rialacha iomaíochta ar a chinntiú go mbeadh an foirgneamh nua ag teacht leis an gcreatlach uirbeach (ceantar uirbeach Töölönlahti cois cuain a bhfuil cáil air mar gheall ar na hiontais chultúrtha, agus deiseanna fóillíochta).
- Is foirgneamh nZEB é (foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de réir aicmiú an Aontais). Le linn an phróisis tógála, baineadh úsáid as ábhair áitiúla agus coinníodh dálaí aeráide áitiúla san áireamh.
- Cuireadh prionsabail deartha seirbhísí i bhfeidhm chun feabhas a chur ar eispéireas an chustaiméara, comharthaíocht, troscán, agus socrú ábhair san áireamh. Tá foireann na leabharlainne fós ag tabhairt páirt d’oibrithe deonacha agus coincheapa nua seirbhíse agus athruithe ar an leagan amach á bpleanáil.
- Chun aird a tharraingt ar an luach a bhaineann le comhionannas, tá leithris inscne-neodracha tugtha isteach ag Oodi, rud a fhágann gur fusa do leanaí agus do thuismitheoirí iad a úsáid.
Rialachas agus bainistíocht
Cé gurb é an Leas-Mhéara don Chultúr agus don Fhóillíocht a bhí i gceannas ar an bpríomhfhoireann bainistíochta, bhí ról níos praiticiúla ag roinnt grúpaí bainistíochta eile sa phróiseas cur i gcrích.
I láthair na huaire, fostaíonn an leabharlann féin foireann de 64 bhall foirne, ach cuireann go leor daoine breise lena hoibriú leanúnach, bíodh sin ar bhealach díreach nó indíreach.
Buiséad agus maoiniú
Leithdháileadh thart ar €93 mhilliún ar an bhfoirgníocht fhisiciúil, agus meastar go raibh €2 mhilliún sa bhreis sannta do phleanáil réamhthógála, do thionscadail agus do chostais ghaolmhara. Fuarthas 69% den mhaoiniú don tionscadal ó chathair Heilsincí agus fuarthas an 31% eile ó chistí náisiúnta na Fionlainne.
Smaointí inaistrithe
- Agus na critéir mheastóireachta á leagan síos le haghaidh comórtas ailtireachta, leag béim shuntasach ar chomhchuibhiú éifeachtach an fhoirgnimh lena shuíomh sa chathair, a inúsáidteacht, a inbhuanaitheacht (éifeachtúlacht fuinnimh), agus indéantacht phraiticiúil seachas ar fhiúntas ailtireachta.
- Déan smaointe agus aiseolas na gcónaitheoirí a ionchorprú i bpleanáil agus i ndearadh an fhoirgnimh nua, mar shampla trí imeachtaí uirbeacha, ceardlanna, ardáin ar líne agus feachtais.
- Déan forbairt agus modhnú leanúnach ar na seirbhísí agus ar an dearadh a thairiscint, mar shampla trí bhuiséadú rannpháirteach do threoirthionscadail.
Sonraí teagmhála
Déan teagmháil le Lárleabharlann Heilsincí Oodi trí ríomhphost.