Lámhleabhar maidir le Dearadh Spáis Phoiblí Phrág
Treoir maidir le claochlú spáis uirbigh.
- Tír:
-
An Eastóin
- Type of project :
- Governance
- Size of city/region:
- Above 1 million inhabitants
Príomhfhíricí
Cineál tionscadail: Rialachas/Beartas
Príomhurraitheoir: Cathair Phrág
An bhliain a cuireadh an tionscadal i gcrích: 2014
Cúlra cathrach/réigiúnach
Tá Prág meáite ar an tionchar diúltach a bhí ag an bpleanáil carrlárnach san am a chuaigh thart a aisiompú. In 2013, d’athraigh Halla Cathrach Phrág an institiúid pleanála a bhí ann roimhe sin go hInstitiúid Pleanála agus Forbartha Phrág (IPR Praha). Ba é an sprioc a bhí leis comhlacht comhairleach ailtireachta agus pleanála a chruthú don chathair. Cuireadh de chúram ar IPR Praha cur chuige cuimsitheach a ghlacadh chun feabhas a chur ar chaighdeán na spásanna poiblí agus ar an bpleanáil fhoriomlán sa chathair.
Tá an chathair ag iarraidh a hoidhreacht agus carachtar uathúil a comharsanachtaí éagsúla a chosaint agus ag an am céanna teorainn a chur leis an tsraoilleáil uirbeach, feabhas a chur ar an timpeallacht uirbeach chun freagairt do riachtanais na gcónaitheoirí, agus oiriúnú don athrú aeráide. Agus ceann de na limistéir Oidhreachta Domhanda is mó de chuid UNESCO san Eoraip suite i bPrág, tá dúshláin ar leith roimh an gcathair maidir leis an réimse poiblí a bhainistiú agus straitéisí maidir le maolú ar an athrú aeráide a ionchorprú.
Tá tús áite tugtha ag an gcathair don timpeallacht thógtha ar ardchaighdeán, agus iad ag dul i ngleic le blianta fada de thógáil agus de chothabháil spáis phoiblí ar chaighdeán íseal.
Réiteach
Is doiciméad poiblí é an Lámhleabhar um Spás Poiblí ina leagtar amach prionsabail, rialacha, moltaí agus critéir maidir le spásanna poiblí a chruthú. D’eisigh IPR Praha in 2014 é, agus feidhmíonn sé mar threoir do straitéis na cathrach maidir le feabhas a chur ar an réimse poiblí amach anseo.
Tá an lámhleabhar dírithe ar gach duine atá gníomhach in infheistíocht, pleanáil, dearadh, ceadú, cothabháil agus oibriú spáis phoiblí (oifigigh na gceantar cathrach agus bardasach, pleanálaithe agus dearthóirí, infheisteoirí príobháideacha agus an pobal).
Trí theanga shimplí agus léaráidí simplí, cuireann sé in iúl go soiléir na spriocanna agus na prionsabail chun réimse poiblí a dhéanamh ar féidir maireachtáil ann agus nach bhfuil a oiread béima ar charranna ann. I measc na n-ábhar atá ann tá na cineálacha éagsúla spásanna poiblí agus an ról atá acu sa chathair, sráid-dreach agus bainistiú tráchta le haghaidh spásanna poiblí cáilíochtúla agus comhpháirteanna aonair (e.g. troscán sráide, crainn, gnéithe teicniúla, dromchlaí).
Ó foilsíodh é, chuidigh dhá dhoiciméad bhreise leis an lámhleabhar a líonadh isteach: ‘Art in Public Space [An Ealaín sa Spás Poiblí]’ agus ‘Catalogue of Recommended Elements [Catalóg na nGéithe Molta]’.
I meastóireacht a rinne ailtirí agus pleanálaithe uirbeacha in 2015 moladh an tionchar dearfach a bhí aige sin ar an réimse poiblí, rud a léirigh an t-athrú i dtreo cháilíocht spásanna poiblí na cathrach. Is é an táscaire is fearr ar rath an lámhleabhair fós go bhfuil sé in úsáid agus á fheabhsú ar bhonn leanúnach trí dhoiciméid bhreise nua spriocdhírithe.
Critéir don ardchaighdeáin (comhthéacs, ómós áite, éagsúlacht, áilleacht)
- Trí ionchur ó ailtirí, innealtóirí, státseirbhísigh agus páirtithe leasmhara eile a chomhtháthú, is sampla den scoth é an lámhleabhar de bheith ag déileáil le bainistiú agus riarachán ilroinnte an spáis phoiblí trí chaighdeáin mhaithe a leagan síos. Léiríonn sé freisin conas is féidir cúrsaí comhshaoil a chomhtháthú i spásanna poiblí sa chathair.
- D’fhoilsigh IPR Praha bróisiúr atá ar fáil i Seicis agus i mBéarla chun na bunphrionsabail atá leagtha amach i Lámhleabhar maidir le Dearadh Spáis Phoiblí Phrág agus sa Straitéis Forbartha Spáis Phoiblí atá beartaithe a chur i láthair. Tá sé scríofa ar bhealach inrochtana do dhaoine nach gairmithe iad.
- Chuidigh an lámhleabhar le tús a chur le roinnt doiciméid thábhachtacha leantacha, Catalóg na nGnéithe Molta de Spásanna Poiblí san áireamh, doiciméad a thógann ar threoirlínte an lámhleabhair agus a chuireann réitigh níos saincheaptha ar fáil lena gcuirtear carachtar suíomhanna ar leith san áireamh.
- Go praiticiúil, is próiseas fada a bhí i gcur i bhfeidhm an lámhleabhair. Mar sin féin, tá an iliomad páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le cinnteoireacht spáis phoiblí sa chathair tar éis glacadh leis. Nuair a ceadaíodh é, tugadh sainordú sa lámhleabhar go gcloífeadh na heagraíochtaí faoi Chathair Phrág leis na treoirlínte ann maidir le tionscadail, pleananna, infheistíochtaí sa spás poiblí, agus le linn dóibh trácht a dhéanamh ar dhoiciméid mhodheolaíochta agus reachtacha.
Rialachas agus bainistíocht
D’oibrigh foireann de 12 dhuine ó IPR Praha ar an Lámhleabhar bunaidh um Spás Poiblí. Tá beirt fostaithe de chuid IPR Praha mar aon le baill de mheithleacha éagsúla ina bhfuil páirtithe leasmhara fós ag obair ar na doiciméid bhreise.
Forbraíodh an Lámhleabhar um Spás Poiblí agus na doiciméid ghaolmhara i ndlúthchomhar le riarachán na cathrach agus le páirtithe leasmhara eile, mar Riarachán Teicniúil na mBóithre, soláthróirí iompair phoiblí, soláthraithe fóntais, ceantair cathrach, agus institiúidí eile a bhfuil baint acu le cothabháil na sráideanna agus na gceantar poiblí i bPrág.
Buiséad agus maoiniú
Chruthaigh foireann IPR Praha an lámhleabhar mar chuid dá ngnáthoibríochtaí. Trí úsáid a bhaint as comhfhogasú ar an am a caitheadh ag forbairt an lámhleabhair, is féidir a mheas go raibh costas €200,000 ag baint leis. Is ó Chathair Phrág a thagann an buiséad iomlán.
Smaointí inaistrithe
Is é an lámhleabhar an chéad uirlis i gcur chuige cuimsitheach níos leithne chun caighdeán spásanna poiblí Phrág a fheabhsú. Tá tábhacht bhunúsach leis, ní hamháin do Phrág, ach is inspioráid é freisin do chathracha eile i bPoblacht na Seice agus thar lear.
Leideanna ón gcathair
- Doiciméid thábhachtacha a aistriú go Béarla, toisc go bhfuil sé sin ríthábhachtach chun cumarsáid agus malartú le cathracha eile a chur chun cinn.
- Páirt a thabhairt do pháirtithe leasmhara ón tús le cinntiú go bhfreastalaíonn na lámhleabhair treoraíochta ar a gcuid riachtanas.
- Aon lámhleabhar maidir le dearadh spáis phoiblí a dhéanamh chomh soláimhsithe agus inrochtana agus is féidir chun a chinntiú go nglacfaidh an méid is mó daoine is féidir leis.
- Idirphlé a dhéanamh leis na hinstitiúidí atá freagrach as ceanglais reachtacha a bhfuil sainordú dlíthiúil acu chun an dreach uirbeach a fheabhsú i gcomhréir leis na moltaí.
Sonraí teagmhála
Déan teagmháil le hInstitiúid Pleanála agus Forbartha Phríomhchathair Phrág trí ríomhphost.