Skip to main content

Culture and Creativity

Gnéithe idirnáisiúnta na hoidhreachta cultúrtha

Tá an tAontas Eorpach tiomanta cultúr ilghnéitheach na hEorpa a chur chun cinn ina chaidreamh idirnáisiúnta.

Déantar athnuachan i gClár Oibre Eorpach don Chultúr 2018 ar an tiomantas chun an cultúr a chur chun cinn mar ghné ríthábhachtach i gcaidreamh idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh. Tá an teachtaireacht chomhpháirteach 'I dtreo straitéis de chuid an Aontais Eorpaigh i leith caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta', a foilsíodh in 2016, ina bunchloch do chomhar cultúrtha idirnáisiúnta an Aontais. Tá comhar idirnáisiúnta maidir leis an oidhreacht chultúrtha a láidriú ar cheann de 3 phríomhchuspóir na straitéise.

Chuir an teachtaireacht chomhpháirteach seo leis an teachtaireacht chomhpháirteach a bhí ann roimhe sin ó 2014 – ‘I dtreo cur chuige comhtháite i leith na hoidhreachta cultúrtha don Eoraip’. Leis sin, dearbhaíonn an tAontas a thiomantas don chomhar maidir leis an oidhreacht chultúrtha a chur ar aghaidh. Cuireann sé freisin lena chosaint i gcomhar le Comhairle na hEorpa, Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Is léiriú tábhachtach ar an éagsúlacht chultúrtha í an oidhreacht chultúrtha agus is fiú go mór í a chosaint. Is féidir leis an Aontas ról tábhachtach a ghlacadh i gcosaint na hoidhreachta cultúrtha ach oiliúint, forbairt scileanna agus gníomhaíochtaí aistrithe eolais a chur ar fáil in éineacht leis na tíortha agus réigiúin chomhpháirtíochta ar fud an domhain.

Chuir an tAontas prionsabail Straitéis an Aontais le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta i bhfeidhm go héifeachtach le linn Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha. Rinneadh ceiliúradh le linn na bliana ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa ar fud an domhain le tacaíocht ó thoscairí an Aontais agus chuathas i gcomhpháirt le tíortha nach Ballstáit de chuid an Aontais iad le for-rochtain níos leithne agus forfheidhmiú níos doimhne a bhaint amach do thionscadail a bhaineann leis an oidhreacht. Mar fhorbairt ar na héachtaí sin, feidhmíonn an Creat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha ar dhá leibhéal

  • comhar oidhreachta cultúrtha ag díriú ar chriosanna sonracha tíreolaíocha
  • gníomhaíochtaí cothrománacha ar scála domhanda

Tionscadail aibhsithe a bhaineann le gnéithe idirnáisiúnta na hoidhreachta cultúrtha

ILUCIDARE

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal ILUCIDARE nuálaíocht san oidhreacht chultúrtha agus sa taidhleoireacht a chur chun cinn agus a ghiaráil trí phobal idirnáisiúnta de chleachtóirí oidhreachta cultúrtha a bhunú.

Tuilleadh eolais faoi thionscadal ILUCIDARE.

Conairí Oidhreachta Bhóthar an tSíoda (Silk Road Heritage Corridors)

In 2018, sheol an Coimisiún Eorpach (DG DEVCO) Conairí Oidhreachta Bhóthar an tSíoda i gcomhar le UNESCO. Is é is aidhm don tionscadal seo an méid a chuireann an oidhreacht chultúrtha le rachmas, le tógáil na síochána, leis an gcomhtháthú sóisialta agus leis an idirphlé idirchultúrtha san Áise Láir, san Iaráin agus san Afganastáin a láidriú. Léiríonn sé Gné Idirnáisiúnta Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal ‘Silk Road Heritage Corridors’

Sampla na hIaráice

Rinne an Lárionad Eorpach um Bainistiú Beartas Forbartha tuarascáil dar teideal ‘Ról an Aontais Eorpaigh maidir leis an oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a fheabhsú i gcomhthéacsanna iarchoimhlinte i réigiún an Mheánoirthir - Sampla na hIaráice’, agus ba í an Stiúrthóireacht maidir le Cur Chuige Comhtháite le haghaidh na Slándála agus na Síochána de chuid na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí a mhaoinigh an tuarascáil. Céim thábhachtach atá ann i dtaca le machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh an tAontas Eorpach oidhreacht chultúrtha a fheabhsú mar chomhpháirt don tsíocháin agus don idirphlé, agus ar an gcaoi ar féidir í a chomhtháthú i straitéisí slándála agus i bpróisis forbartha agus síochánaíochta.

Tuilleadh eolais faoin tuarascáil.