Skip to main content

Culture and Creativity

Natura 2000 agus tírdhreacha cultúrtha

Is cuid thábhachtach den oidhreacht chultúrtha í an oidhreacht nádúrtha.

D’oibrigh an tAontas Eorpach go dian le 25 bliana anuas chun líonra limistéar caomhnaithe nádúir a chruthú ar fud an Aontais, ar a dtugtar líonra Natura 2000. Is é cuspóir an líonra seo cailliúint na bithéagsúlachta san Eoraip a stopadh agus a mhalairt de threocht a bhunú.

Is é Natura 2000 an líonra comhordaithe is mó de limistéir faoi chosaint ar domhan. Baineann sé le gach Ballstát agus clúdaíonn sé 18% de mhórchríoch an Aontais agus beagnach 6% dá chríoch mhuirí. Is é aidhm an líonra marthanacht fhadtéarmach na speiceas agus na ngnáthóg is luachmhaire agus is mó atá faoi bhagairt san Eoraip a chinntiú.

Scéalta ratha Natura 2000 maidir leis an oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha a bhainistiú

Tá an tuiscint ag méadú ar na hidirnaisc idir an oidhreacht chultúrtha nádúrtha agus an oidhreacht chultúrtha thógtha agus an gá le cur chuige bainistíochta comhtháite chun a n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chinntiú.

Léirítear i sraith cás-staidéar an rath a bhí ar an mbainistíocht chomhtháite ar an oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha ag suíomhanna Natura 2000.

Tuilleadh eolais faoi Oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha na hEorpa in Natura 2000 [pdf].

An tuarascáil ó 2019 dar teideal "An oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha san Eoraip: Ag obair le chéile laistigh de líonra Natrua 2000", is é sin is toradh don phlean gníomhaíochta don nádúr, do dhaoine agus don gheilleagar. Tá sé ar cheann de na gníomhaíochtaí leantacha le Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha sa Chreat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha.

Fiosraítear sa tuarascáil an forluí spásúil idir suíomhanna nádúrtha agus cultúrtha. Pléitear inti na bagairtí agus na dúshláin choiteanna agus na deiseanna atá ar fáil faoi chistí éagsúla an Aontais chun tús a chur le comhthionscnaimh nádúir agus chultúir. Leagtar amach inti sraith moltaí chun na dúshláin reatha a shárú. Léirítear sa tuarascáil freisin an chaoi le bainistíocht chomhtháite, agus na tairbhí socheacnamaíocha lena mbaineann, a chur chun cinn.

Tuilleadh eolais faoi thuarascáil 2019 agus na naisc idir an oidhreacht nádúrtha agus an oidhreacht chultúrtha.

Cás-staidéir

Páirc Nádúrtha Mhainistir Rila, an Bhulgáir

Is páirc nádúrtha faoi chosaint atá sa limistéar seo mar gheall ar a sárluachanna cultúrtha agus nádúrtha. Is tearmann dúlra é limistéar beag laistigh den pháirc freisin. Is Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO atá sa mhainistir féin. Is iad príomhspriocanna phlean bainistíochta Pháirc Nádúrtha Rila na nithe seo a leanas a chinntiú:

  • comhghaol barrmhaitheasa a bhaint amach idir sócmhainní nádúrtha agus cultúrtha na páirce a chaomhnú
  • na hacmhainní a úsáid
  • an cumas chun an leas is fearr a bhaint as na deiseanna a sholáthraítear sa pháirc

Mar gheall ar chomhthoil i measc na bpáirtithe leasmhara cuireadh an plean bainistíochta chun feidhme go rathúil, rud a chinntíonn go bhfanfaidh an pháirc mar shiombail den nasc doscartha idir an nádúr agus an spiorad.

Boirinn, Éire

Rinneadh páirc náisiúnta de Bhoirinn in 1991 agus áirítear i Líonra Geopháirceanna Domhanda UNESCO ó 2011 í. Tá cáil ar cheantar Bhoirne mar gheall ar an bhflóra iontach agus ar an tírdhreach álainn aolchoiche atá le fáil ann. Cosáin aolchloiche locraithe ag oighearshruthanna, sin saintréith na háite a bhfuil réimse suaithinseach speiceas plandaí neamhchoitianta ann freisin. Chun na gnáthóga agus na speicis annamha sin a chosaint, tá 3 limistéar éagsúla caomhantais mar chuid de Líonra Natura 2000 na hEorpa.

Tá tírdhreach cultúrtha a bhfuil tábhacht mhór leis ag ceantar Bhoirne freisin, mar gheall go bhfuil córais thréadacha ann i rith an gheimhridh a chuireann go díreach le hoidhreacht shaibhir nádúrtha agus chultúrtha an réigiúin.

Rialaíonn agus bainistíonn rialtas na hÉireann an oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha seo faoi ionstraimí éagsúla agus bíonn na pobail áitiúla páirteach ann chomh maith. Cairt Phobal Bhoirne, is sampla maith é sin de mhúnlaí ón mbun aníos don bhainistíocht straitéiseach. Baineann caomhnú agus forbairt acmhainní leas as cur chuige comhtháite a d’fhorbair na pobail áitiúla.