Skip to main content

Culture and Creativity

Taighde agus nuálaíocht

Cothaíonn taighde agus nuálaíocht réitigh chliste agus ardteicneolaíochta chun cuidiú leis an Eoraip a hoidhreacht chultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn. I measc réitigh eile, is féidir leis rochtain dhigiteach a thabhairt ar shuíomhanna atá dorochtana go fisiciúil, sin agus déantáin luachmhara a chaomhnú.

Infheistíonn an tAontas Eorpach i saineolas Eorpach sa réimse seo a fhorbairt trí chlár Taighde agus Nuálaíochta an Aontais, Fís 2020, agus trí Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin.

Ó 2014 go 2020, d’infheistigh Fís 2020 timpeall €500 milliún i ngníomhaíochtaí taighde a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha. Tugtar tuairisc in athbhreithniú beartais dar teideal ‘Nuálaíocht sa Taighde ar an Oidhreacht Chultúrtha’ (Márta 2018) ar na forbairtí is déanaí atá ar thús cadhnaíochta i réimse na ngníomhaíochtaí sin.

Gníomhaíochtaí taighde faoi Fís 2020 atá tiomanta don oidhreacht chultúrtha

Le blianta beaga anuas, tá roinnt gníomhaíochtaí seolta ag an Aontas Eorpach faoi Fís 2020, roinnt acu le linn Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha. Áirítear orthu sin na glaonna seo a leanas ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta:

  • teicneolaíochtaí costéifeachtacha a fhorbairt chun “athléimneacht agus atógáil inbhuanaithe na limistéar stairiúil a mhéadú chun déileáil leis an athrú aeráide agus le teagmhais ghuaiseacha” agus chun limistéir stairiúla a ndearnadh damáiste dóibh le linn tubaistí a atógáil, agus meas á léiriú ar a luach stairiúil san am céanna.
  • “Fás cuimsitheach agus inbhuanaithe trí thionscail chultúrtha agus chruthaitheacha agus na healaíona”. Is é is aidhm don taighde seo fianaise eolaíochta a sholáthar chun beartas tionsclaíoch Eorpach níos comhleanúnaí a cheapadh.
  • “An digitiú, an Margadh Aonair Digiteach agus cultúr na hEorpa: dúshláin nua roimh an gcruthaitheacht, cearta maoine intleachtúla agus cóipcheart”. Is é is aidhm don taighde seo measúnú a dhéanamh ar thionchar an digitithe ar an rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí na hEorpa.
  • “Cuir chuige nuálacha i leith na forbartha uirbí agus réigiúnaí trí mheán na turasóireachta cultúrtha”: is é is aidhm don ghníomhaíocht seo na sonraí agus an tuiscint atá ar fáil ar an turasóireacht chultúrtha san Eoraip a fheabhsú.
  • “Luach sochaíoch an chultúir agus tionchar na mbeartas cultúrtha san Eoraip”: is é is aidhm don ghníomhaíocht seo modheolaíochtaí agus sonraí nua staitistiúla a sholáthar maidir le luach sochaíoch an chultúir.
  • “Cuir chuige chomhoibríocha i leith na hoidhreachta cultúrtha ar mhaithe leis an gcomhtháthú sóisialta”: is é is aidhm don ghníomhaíocht seo éagsúlacht chultúrtha agus comhtháthú sóisialta a chothú in earnáil na hoidhreachta cultúrtha.
  • "Ardán Sóisialta um an oidhreacht chultúrtha atá i mbaol agus um gháinneáil neamhcheadaithe earraí cultúrtha”.

Tá pobal taighde Fís 2020, Nuálaithe san Oidhreacht Chultúrtha, ar siúl freisin ó 2018. Is ardán um malairt oscailte atá ann a chuireann timpeallacht fhíorúil ar fáil chun torthaí a roinnt, smaointe agus dea-chleachtais a mhalartú agus sineirgí a chruthú. Bailíonn sé príomhpháirtithe leasmhara, eagraíochtaí agus cleachtóirí oidhreachta cultúrtha, fiontraithe, infheisteoirí agus taighdeoirí le chéile.

Tionscadail aibhsithe

COURAGE

Cuireadh faisnéis i dtoll a chéile sa tionscadal "Cultural Opposition – Understanding the CultuRal HeritAGE of Dissent in the Former Socialist Countries" maidir le bailiúcháin déantán ó ghluaiseachtaí frithbheartaíochta cultúrtha i dtíortha iarshóisialacha i gclár ar líne agus tógadh bunachar sonraí so-láimhsithe de na bailiúcháin sin.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal COURAGE.

TRACES

Fiosraíodh sa tionscadal "Transmitting Contentious Cultural Heritages with the Arts” ról na staire agus na hoidhreachta contrártha san Eoraip chomhaimseartha. Chuir sé treo nua ar fáil le haghaidh institiúidí cultúrtha chun oidhreacht chultúrtha chonspóideach a chur trasna go héifeachtach. Ceann de na tosaíochtaí a bhí aige próisis chomhoibritheacha nuálacha a chumasú idir gníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara ealaíne, taighde agus oidhreachta, sin agus modheolaíochtaí rannpháirteacha nua a fhorbairt.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal TRACES.