Skip to main content

Culture and Creativity

Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018

Ba í 2018 Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha. Ba í aidhm na bliana tuilleadh daoine a spreagadh le hoidhreacht chultúrtha na hEorpa a fhiosrú agus a bheith páirteach inti, sin agus muintearas i leith spás comónta Eorpach a neartú. Ba é mana na bliana

“Ár n-oidhreacht: mar a mbuaileann an t-am atá caite leis an am atá amach romhainn”.

Léiríodh i suirbhé speisialta Eurobaraiméadair maidir leis an oidhreacht chultúrtha a seoladh an oíche roimh thús na Bliana Eorpaí go gceapann tromlach mór de shaoránaigh na hEorpa go bhfuil an oidhreacht chultúrtha tábhachtach dóibh go pearsanta (84%), dá bpobal (84%), dá réigiún (87%), dá dtír (91%) agus don Aontas ar an iomlán (80%).

Deir tromlach na bhfreagróirí (84%) go bhfuil siad bródúil as an oidhreacht chultúrtha óna réigiún nó óna dtír, agus deir céatadán mór (70%) freisin go bhfuil siad bródúil as séadchomhartha, suíomh, saothar ealaíne nó traidisiún ó thír Eorpach eile.

Mheas 70% de na daoine ar cuireadh agallamh orthu go mbíonn braistint muintearais Eorpaigh acu siúd a chónaíonn gar d’áiteanna a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha na hEorpa. Thairis sin, ceapann formhór na bhfreagróirí gur cheart d’údaráis phoiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach níos mó acmhainní a leithdháileadh ar an oidhreacht chultúrtha.

Príomhfhigiúirí ó Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018

  • 12.8 milliún rannpháirtí
  • 23,000 imeacht eagraithe
  • 37 dtír

Chuir an Coimisiún Eorpach 10 dtionscnamh Eorpacha fadtéarmacha chun feidhme mar phríomh-aschur beartais don bhliain, i gcomhar le Comhairle na hEorpa, UNESCO agus comhpháirtithe eile. Áiríodh i measc na dtionscnamh sin

  • gníomhaíochtaí le scoileanna
  • taighde maidir le réitigh nuálacha chun foirgnimh oidhreachta a athúsáid
  • gníomhaíochtaí le troid in aghaidh gáinneáil neamhcheadaithe earraí cultúrtha

Ina theannta sin, bhí neart tionscadal a fuair maoiniú ón Aontas a thacaigh leis an oidhreacht chultúrtha. Sheol an Coimisiún Eorpach glao tiomanta do thionscadail chomhair maidir leis an mbliain faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta. Bhí go leor deiseanna eile ar fáil freisin faoi chlár Erasmus+, an Eoraip ar son na Saoránach, Fís 2020 agus cláir eile de chuid an Aontais.

Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018: rath comhchoiteann

Ar an leibhéal Eorpach, bhí institiúidí ar fad an Aontais meáite air go mbeadh rath ar an mbliain. D’eagraigh an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, chomh maith le Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa imeachtaí chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mbliain agus sheol siad gníomhaíochtaí a dhírigh ar an oidhreacht chultúrtha.

Bhí comhordaitheoirí náisiúnta i gceannas ar an mBliain Eorpach a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, agus iad ag déanamh ionadaíocht do na tíortha rannpháirteacha: 28 mBallstát agus 9 dtír chomhlachaithe (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh, an Íoslainn, Montainéagró, an Iorua, an Eilvéis, an tSeoirsia agus an tSeirbia).

Reáchtáil an Coimisiún Eorpach an bhliain le cúnamh ó ghrúpa 38 n-eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta a bhí ar choiste na bpáirtithe leasmhara. Is próiseas oscailte trédhearcach a bhí sa phróiseas roghnúcháin do choiste na bpáirtithe leasmhara, inar ghlac UNESCO agus Comhairle na hEorpa páirt freisin, tar éis glao oscailte le haghaidh rannpháirtíochta.

Oidhreacht Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018

Leanann an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit agus páirtithe leasmhara oidhreachta cultúrtha ar aghaidh ag cur fís níos fadtéarmaí i bhfeidhm chun oidhreacht chultúrtha na hEorpa a bhainistiú, a choimirciú agus a fheabhsú. Tá sé sin bunaithe ar thorthaí Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha agus ar an gCreat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha. Chuige sin, braitheann an Coimisiún go mór ar obair an tSainghrúpa.

Foghlaim tuilleadh faoin mbliain