Skip to main content

Culture and Creativity

Sainghrúpa i dtaca leis an oidhreacht chultúrtha

Bunaíodh sainghrúpa neamhfhoirmiúil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca leis an oidhreacht chultúrtha in 2019 chun an comhar agus an t-idirphlé beartais uathúil le páirtithe leasmhara iomadúla a baineadh amach i rith Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 a chothabháil.

Is é cuspóir an tsainghrúpa seo beartais phoiblí a chur chun cinn lena gcinntítear luach agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach oidhreacht chultúrtha na hEorpa, bunaithe ar chur chuige comhtháite. Cuireann na saineolaithe comhairle agus saineolas ar fáil don Choimisiún, agus feidhmíonn siad mar ardán i gcomhair comhairliúcháin agus malartú faisnéise ar bheartais oidhreachta cultúrtha chun tacú leis an gCreat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha a chur chun feidhme.

Comhaltaí an tsainghrúpa

  • Ballstáit an Aontais
  • Tíortha na mBalcán Thiar
  • An Iorua
  • Ionadaithe ón 26 eagraíocht páirtithe leasmhara i réimse oidhreacht chultúrtha na hEorpa
  • 5 shaineolaí ina gcumas aonair
  • Eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail UNESCO, Comhairle na hEorpa, ECFE agus an tIonad Idirnáisiúnta um Staidéar ar Chaomhnú agus ar Athchóiriú Maoine Cultúrtha (ICCROM)
  • Parlaimint na hEorpa (mar bhreathnóir)
  • Coiste na Réigiún (mar bhreathnóir)

Foghlaim tuilleadh faoin sainghrúpa sa Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin.