Skip to main content
Culture and Creativity home page Culture and Creativity home page

Culture and Creativity

Monatóireacht agus meastóireacht ar an Lipéad Oidhreachta Eorpach

Monatóireacht

Tá Painéal an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha. Déanann an painéal sin monatóireacht ar láithreáin ag a bhfuil an lipéad ar bhonn rialta i gcomhar leis na Ballstáit atá rannpháirteach. Is é cuspóir na monatóireachta a chinntiú go leanann na láithreáin sin de chomhlíonadh na gcritéar chun an Lipéad a fháil.

Déantar an mhonatóireacht i gcomhréir leis an bhféilire a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1194/2011/AE lena mbunaítear an ghníomhaíocht.

Na príomhphointí ó thuarascáil mhonatóireachta 2020

In 2020 rinne an Painéal Eorpach an dara monatóireacht ar láithreáin an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh agus d’fhormhuinigh sé na príomhchonclúidí agus na príomh-mholtaí seo a leanas:

Comhlíonann na láithreáin go léir na critéir roghnúcháin thosaigh

Na 38 láithreán ar a ndearnadh monatóireacht in 2020, tháinig an painéal ar an gconclúid go leanann siad de chomhlíonadh na gcritéar chun go mbronnfar an Lipéad Oidhreachta Eorpach orthu. Baineadh an méid sin amach a bhuí lena ngníomhaíochtaí chun mothú muintearais go bhfuiltear mar chuid den Aontas a neartú, i measc daoine óga go háirithe, agus chun an t-idirphlé idirchultúrtha a fhorbairt.

Ó 4 láithreán a bhfuil an lipéad acu go 48

Roghnaíodh na chéad láithreáin in 2013 agus ó shin i leith, tá méadú tagtha ar an líon láithreán ó 4 go 48 agus ar an líon Ballstát atá rannpháirteach ó 5 go 25. Le 7 mbliana anuas tá feabhas tagtha ar an gcomhoibriú tairbheach idir láithreáin an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh chomh maith le comhpháirtithe eile, institiúidí oideachasúla ina measc.

Gníomhaíocht sholúbtha lena n-éascaítear comhar

Ceann de na príomhthosca a n-éiríonn leis an Lipéad Oidhreachta Eorpach ná go soláthraíonn an ghníomhaíocht deiseanna le haghaidh idirghníomhaíochtaí ón mbarr anuas, cothrománacha agus ón mbun aníos araon go comhuaineach idir na gníomhaithe éagsúla, an Coimisiún Eorpach, ionadaithe láithreáin an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh, comhordaitheoirí náisiúnta agus an Painéal Eorpach ina measc. Éascaíonn na hidirghníomhaíochtaí sin cineálacha éagsúla cumarsáide agus comhair idir rannpháirtithe ghníomhaíocht an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh.

Na láithreáin a roghnaíodh, tá níos mó tacaíochta uathu lena n-aitheantas a mhéadú

Ar deireadh, mhol an Painéal Eorpach go dtabharfadh an Coimisiún Eorpach níos mó tacaíochta do láithreáin agus do Líonra an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh chun go mbeidh siad in ann leibhéal níos airde comhtháthaithe a bhaint amach, sin agus aitheantas idirnáisiúnta méadaithe.

Tá tuarascáil mhonatóireachta 2020 agus na tuarascálacha a bhí ann cheana maidir leis an Lipéad Oidhreachta Eorpach le fáil ag bun an leathanaigh seo.

Meastóireacht ar ghníomhaíocht an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh

Rinne coiste saineolaithe an chéad mheastóireacht ar ghníomhaíocht an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh in 2018. Breathnaíodh sa mheastóireacht ar an dul chun cinn a rinneadh ó thaobh cur chun feidhme de ó 2011 go dtí 2017.

Breathnaíodh sna meastóireachtaí ar an méid seo a leanas:

  • ábharthacht
  • comhleanúnachas
  • éifeachtúlacht
  • rialachas
  • éifeachtacht
  • breisluach Eorpach

Léiríodh sa tuarascáil go bhfuil príomhchuspóirí na gníomhaíochta – mothú muintearais go bhfuiltear mar chuid den Aontas a neartú agus an t-idirphlé idirchultúrtha a chothú – fíorábhartha maidir le riachtanais reatha an Aontais.

Moltar sa tuarascáil gur cheart cur leis an ngníomhaíocht trí scéalta Eorpacha na láithreán a fhorbairt agus a chur in iúl, cuidiú le láithreáin oibriú go dlúth le chéile, agus cur lena bhfothú acmhainneachta.

European Heritage Label Communication Toolbox

On this page, the European Commission provides a set of files for the stakeholders to use them to raise awareness of the European Heritage Label (EHL).