Skip to main content

Culture and Creativity

Coilíneachtaí na Dea-mhéine (an Bheilg, an Ísiltír)

Is tionscnamh trasnáisiúnta é ‘Coilíneachtaí na Dea-mhéine’ ina bhfuil seacht bhfoláithreán sa Bheilg agus san Ísiltír a bunaíodh sa 19ú haois chun an bhochtaineacht a laghdú trí fhostaíocht shóisialta i lonnaíochtaí nua talmhaíochta. Cruthaíodh iad mar thurgnamh sóisialta i Ríocht na hÍsiltíre mar a bhí ag an am, le teorainneacha a lean as Comhdháil Vín, tráth a raibh an Eoraip fíorbhocht. Bunaíodh na coilíneachtaí mar ‘coilíneachtaí faoi shaoirse’ ‑ do theaghlaigh a fuair deis a bheith i mbun feirmeacha beaga, nó mar ‘coilíneachtaí faoi dhaoirse’ ‑ mar chomhstruchtúir mhóra d’fhuaidirí agus do dhílleachtaí. Cuireadh an fheidhm bhunaidh a bhí acu ar fionraí.

Bhí Coilíneachtaí na Dea-mhéine ina gceannródaithe maidir le cur chuige nua poiblí príobháideach bunaithe ar infheistíochtaí i dtalmhaíocht ar thalamh seasc, chuir siad rochtain ar oideachas agus ar fhostaíocht ar fáil agus caomhnaíodh iontu ‘síocháin agus ord’ sa tsochaí ar lámh amháin, ach ‘tuairimí bréige faoin gcumas rud a dhéanamh agus táirgiúlacht daoine agus na talún’ ar an lámh eile. Tugann a stair 175 bliana léargas ar an éabhlóid fhada a tháinig ar an smaointeoireacht Eorpach maidir le daoine a bhí imeallaithe go sóisialta agus ar éigean ar aithníodh a gcearta mar bhaill iomlána den tsochaí, cearta atá cosanta anois sa Chairt um Chearta Bunúsacha.