Skip to main content

Culture and Creativity

Ospidéal Franja Partisan na Slóivéine

Bhí Ospidéal Franja ina ospidéal rúnda sa Dara Cogadh Domhanda. Bhí sé á reáchtáil ag na páirtiseáin Shlóivéineacha mar chuid de ghluaiseacht frithbheartaíochta a eagraíodh ar bhonn forleathan i gcoinne na bhfórsaí forghabhála Naitsíocha.

Cuireadh cóireáil sa tearmann sin ar shaighdiúirí a gortaíodh ó chumhachtaí na gComhghuaillithe agus na hAise araon, agus ba as tíortha éagsúla na hEorpa na dochtúirí.

Coinníodh an t‑ospidéal faoi rún agus d'fhan sé amhlaidh a bhuí leis an tacaíocht a thug muintir na háite dó. Is músaem é sa lá atá inniu ann ina gcuirtear an dlúthpháirtíocht, luachanna daonlathacha agus cearta an duine chun cinn.

Faigh tuilleadh eolais faoi roghnú an tsuímh i dtuarascáil an phainéil.