Skip to main content

Culture and Creativity

Museo Casa Alcide De Gasperi, Pieve Tesino na hIodála

Rugadh Alcide de Gasperi (1881-1954), duine de ‘Aithreacha na hEorpa’, sa teach seo ar músaem é inniu a tharraingíonn aird ar an méid a rinne sé chun an Eoraip a chur ar a boinn tar éis an dara cogadh domhanda.

Bhí sé ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus Príomh-Aire ar an Iodáil ó 1945 go dtí 1953, thacaigh sé le pleananna Schuman agus bhí sé i gceannas ansin ar an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (ECSC).

Ina theannta sin, ba fhórsa spreagúil a bhí ann do chruthú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.

Faigh tuilleadh eolais faoi roghnú an tsuímh i dtuarascáil an phainéil.