Skip to main content

Culture and Creativity

Cuimhneachán Sighet, an Rómáin

Tá Cuimhneachán Sighet lonnaithe in iarphríosún de chuid aimsir Stalin in Sighet, iarphríosún a úsáideadh chun leanaí scoile, scoláirí agus tuathánaigh ón bhfrithbheartaíocht (1948‑1950), lucht freasúra polaitiúil, iriseoirí agus daoine den chléir (1950‑1955), iad sin agus gnáthchoirpigh, a chur i ngéibheann go dtí na seachtóidí. Is cuimhneacháin é inniu ar íospartaigh na réimeas cumannach agus taispeántar ann forbairt agus éifeachtaí na réimeas cumannach sa Rómáin agus i dtíortha eile in Oirthear na hEorpa. Tugann an Cuimhneachán léargas ar an gcos ar bolg a rinne réimis chumannacha san Eoraip ar feadh an 20ú haois, agus an bás agus an fhulaingt a tharla laistigh de bhallaí an phríosúin agus lasmuigh díobh mar thoradh orthu.

Tá tuilleadh eolais faoi roghnú an láithreáin le fáil i dtuarascáil an phainéil.