Skip to main content

Culture and Creativity

An Pálás Impiriúil (Vín na hOstaire)

Cuireadh tús le tógáil an Pháláis Impiriúil in 1240. Is coimpléasc d’fhoirgnimh agus de ghairdíní é ina raibh cónaí ar rítheaghlach Habsburg a raibh codanna móra den Eoraip faoina cheannas ar feadh thart ar 700 bliain. Impireacht ileitneach ilreiligiúnach ab ea Impireacht Habsburg ag a raibh tionchar láidir polaitiúil, riaracháin, sóisialta agus eacnamaíoch ar chríocha atá mar chuid den Ostair, de Phoblacht na Seice, den Pholainn, den tSlóivéin agus den Ungáir mar atá sa lá atá inniu ann.

Inniu, is sa Phálás Impiriúil atá suíochán Uachtarán Chónaidhm na hOstaire, 5 eagraíocht músaeim den chéad scoth agus institiúidí cultúrtha eile.