Skip to main content

Culture and Creativity

Reilig Uimh. 123 Fhronta Thoir an Chéad Chogaidh Dhomhanda (Łużna-Pustki na Polainne)

Is í Reilig Chogaidh Uimh. 123, a bunaíodh in 1918 ar chnoc Pustki, an láthair ar ar tharla ceann de na cathanna is mó sa Chéad Chogadh Domhanda ar an bhFronta Thoir idir na hairm Ostra-Ungáracha agus Ghearmánacha agus Arm na Rúise: cath Gorlice, nó Verdun an Oirthir mar a thugtar air freisin. Is sa reilig seo a cuireadh saighdiúirí ó na trí fhórsa armtha sin, as críocha atá anois ina gcuid den Ostair, den Ungáir, den Ghearmáin, den Pholainn, den Úcráin, den Rúis, den tSlóivéin agus tíortha eile nach iad, agus ó chúlraí reiligiúnacha agus teanga éagsúla.

Is áit chuimhneacháin í Reilig Uimh. 123 Fhronta Thoir an Chéad Chogaidh Dhomhanda, áit ina bhfuil meon an éacúiméineachais le brath tríd an gcaoi a ndéileáiltear ar an gcaoi chéanna le gach saighdiúir a maraíodh, gan beann ar a chleamhnú míleata, eitneach nó reiligiúnach.