Skip to main content

Culture and Creativity

Láithreáin an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh

Is áiteanna iad láithreáin oidhreachta na hEorpa a raibh ról cinniúnach acu ar an Eoraip mar atá sí sa lá atá inniu ann. Ó thús na sibhialtachta go dtí Eoraip na linne seo, déanann na láithreáin seo comóradh ar idéil, luachanna, stair agus comhtháthú na hEorpa agus is siombail dóibh iad.

Ó bhí 2013 ann, ta na láithreáin seo á roghnú ar bhonn an luach siombalach atá ag baint leo, an ról a bhí acu i stair na hEorpa agus na gníomhaíochtaí a bhíonn á dtairiscint acu. Leis na láithreáin seo cothaítear caidreamh níos dlúithe idir an tAontas Eorpach agus a shaoránaigh.

Sainiúlacht an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh

Tá roinnt difríochtaí idir an Lipéad Oidhreachta Eorpach agus Liosta Oidhreachta Domhanda UNESCO.

Cuireann láithreáin Oidhreachta Eorpacha brí agus anam i scéal na hEorpa agus sa stair atá taobh thiar de.

Díríonn na láithreáin Oidhreachta Eorpacha ar luachanna siombalacha na hEorpa a chur chun cinn agus ar an ról suntasach a bhí ag na láithreáin sin i stair agus i gcultúr na hEorpa. Cuireann siad gníomhaíochtaí luachmhara oideachais ar fáil freisin, go háirithe le haghaidh daoine óga.

Is féidir sult a bhaint as láithreáin Oidhreachta Eorpacha astu féin nó mar chuid de líonra. Is féidir le cuairteoirí blaiseadh a fháil iad féin ar a bhfuil le tairiscint ag an Eoraip agus den mhéid atá bainte amach aici.

Láithreáin ar bronnadh an lipéad orthu

Fuair 60 láithreán ainmniúchán.