Skip to main content

Culture and Creativity

Príomhpháirtithe i dtaca leis an oidhreacht chultúrtha: eagraíochtaí idirnáisiúnta

Oibríonn roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta chun an oidhreacht chultúrtha a chosaint, a choimirciú agus a chur chun cinn.

UNESCO

Is dlúth-chomhpháirtithe iad Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) agus an tAontas Eorpach. Tá na luachanna céanna ag an dá eagraíocht agus oibríonn siad i ndlúthchomhar chun cuspóirí coiteanna a bhaint amach. Is leis an Meabhrán Tuisceana [pdf] a glacadh in 2012 a rialaítear an comhar eatarthu.

Léirítear misean UNESCO ina Choinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda, Chultúrtha agus Nádúrtha a Chosaint a glacadh in 1972: [UNESCO]

"an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha ar fud an domhain a meastar ardluach don chine daonna a bheith ag baint léi, féachtar le haithint, cosaint agus caomhnú na hoidhreachta sin a spreagadh."

Cuireann UNESCO liosta le chéile de Shuíomhanna Oidhreachta Domhanda, ar áiteanna iad a aithnítear go bhfuil suntas uathúil cultúrtha agus/nó nádúrtha ag baint leo.

Tá sé ina phríomhghníomhaí freisin maidir leis an oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn agus a chosaint, trí thionscadail chomhpháirteacha a chur chun feidhme i gcomhar leis an Aontas.

Tionscadail chomhpháirteacha AE-UNESCO

D’fhorbair UNESCO agus an Coimisiún Eorpach roinnt tionscadal i mBliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha. Ar an gcaoi chéanna, cuireann an Coimisiún Eorpach go leor gníomhaíochtaí sa Chreat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha chun feidhme i gcomhar le UNESCO, mar shampla,

Comhairle na hEorpa

Is í Comhairle na hEorpa an phríomheagraíocht um chearta an duine ar an ilchríoch agus 47 mBallstát ina mball di, 27 díobh atá ina mball den Aontas Eorpach. Meas ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta, is luachanna iad sin atá ag Comhairle na hEorpa agus ag an Aontas araon agus is orthu atá an comhar eatarthu bunaithe.

Léigh tuilleadh i Meabhrán Tuisceana Chomhairle na hEorpa-an Aontais Eorpaigh 2007.

Tuilleadh eolais faoi chomhair an Aontais-Chomhairle na hEorpa.

Oibríonn Comhairle na hEorpa chun éagsúlacht agus idirphlé a chur chun cinn i réimse na hoidhreachta cultúrtha, d’fhonn braistint na céannachta, cuimhneamh comhchoiteann agus comhthuiscint a mhéadú laistigh de phobail agus ina measc.

Áirítear ar a cuid oibre leis an Aontas sa réimse seo

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Chomhairle na hEorpa faoin oidhreacht chultúrtha.

ECFE

Cuireann an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) beartais níos fearr chun cinn chun rachmas agus comhionannas a mhéadú.

Faoi ghníomhaíochtaí an Chreata Gníomhaíochta Eorpaigh maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha, oibríonn sé leis an gCoimisiún Eorpach trí thionscadail chomhpháirteacha chun tionchar an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha don fhorbairt áitiúil a uasmhéadú.

Tionscadal comhpháirteach an Aontais-ECFE: Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta agus an Fhorbairt Áitiúil

Is é sprioc an tionscadail seo cuidiú le réigiúin chun fianaise agus treoir a sholáthar maidir le luach eacnamaíoch agus sóisialta na hoidhreachta cultúrtha. Tacaítear sa tionscadal seo freisin le teacht chun cinn an gheilleagair chruthaithigh sna réigiúin sin. Tá siad ag glacadh páirt i roinnt gníomhaíochtaí piarfhoghlama, i gceardlanna agus i staidéir arna ndéanamh mar chuid de Chlár um Fhorbairt Eacnamaíoch agus Fostaíochta Áitiúil (LEED) ECFE.