Skip to main content

Culture and Creativity

Príomhpháirtithe i dtaca leis an oidhreacht chultúrtha: Páirtithe leasmhara na hoidhreachta cultúrtha

Príomhpháirtithe leasmhara na hoidhreachta cultúrtha

Europa Nostra

Líonra uile-Eorpach is ea Europa Nostra a bhfuil 250 eagraíocht ina gcomhaltaí ann agus lena mbaineann 150 eagraíocht bhainteach arb é is aidhm dóibh oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha na hEorpa a chosaint.

Europeana

Is é Europeana ardán digiteach na hEorpa. Is é an misean atá aige an earnáil oidhreachta cultúrtha a chumasú ina claochlú digiteach.

Líonra na hEagraíochtaí Músaem Náisiúnta (NEMO)

Déanann NEMO ionadaíocht do phobal músaeim na mballstáit de chuid Chomhairle na hEorpa. Le chéile, labhraíonn baill NEMO thar ceann níos mó ná 30,000 músaem ar fud na hEorpa.

Comhairle Idirnáisiúnta na Músaem (ICOM)

Tá ICOM tiomanta don taighde, don caomhnú agus don chumarsáid leis an tsochaí maidir le hoidhreacht nádúrtha agus chultúrtha an domhain.

An Chomhairle Idirnáisiúnta um Shéadchomharthaí agus Shuíomhanna (ICOMOS)

Eagraíocht idirnáisiúnta neamhrialtasach is ea ICOMOS ata tiomanta séadchomharthaí agus suíomhanna an domhain a chaomhnú.

An tIonad Idirnáisiúnta um Staidéar ar Mhaoin Chultúrtha a Chaomhnú agus a Athchóiriú (ICCROM)

Eagraíocht idir-rialtasach is ea ICCROM atá ag obair chun caomhnú gach cineáil oidhreachta cultúrtha a chur chun cinn.

ASSOCIATION des Centres Culturels de Rencontre (ACCR na hEorpa)

Tionscnaíonn agus comhordaíonn ACCR gníomhaíochtaí comhchoiteanna chun sineirge thionscadail a chuid ball a chinntiú agus chun go mbeidh dáimh níos leithne ag daoine leo. Mar shuíomhanna oidhreachta atá tiomanta do thionscadail nuálacha ealaíonta, chultúrtha agus eolaíocha, tá baint mhór ag baill an líonra le cur chun cinn na hearnála cultúrtha, le hoideachas agus le saincheisteanna forbartha réigiúnaí.

Comhairle Ailtirí na hEorpa

Eagraíocht neamhbhrabúsach is ea Comhairle Ailtirí na hEorpa atá tiomanta tuiscint agus cáilíocht na hailtireachta a chur chun cinn. Cothaíonn sé prionsabail tógála inbhuanaithe, scéimeanna comhair trasteorann agus gníomhaíochtaí feasachta beartais.

Culture Action Europe

Eagraíocht is ea Culture Action Europe a chuireann an cultúr chun cinn agus a scaipeann faisnéis maidir le beartais agus reachtaíocht na hEorpa a bhfuil tionchar acu ar fhorbairt chultúrtha shochaithe na hEorpa. Ardán atá ann freisin chun smaointe agus díospóireachtaí maidir le beartais Eorpacha a mhalartú, a chur in iúl agus a fhoilsiú.

Civilscape

Cónaidhm idirnáisiúnta is ea Civilscape a bhfuil a cuid oibre dírithe ar thírdhreacha a chosaint, a bhainistiú agus a phleanáil.

Comhairle Ceoil na hEorpa

Brateagraíocht is ea Comhairle Ceoil na hEorpa le haghaidh shaol an cheoil san Eoraip. Déanann sé abhcóideacht ar son shuntasacht shochaíoch agus pholaitiúil na héagsúlachta ceoil san Eoraip.

Líonra Eorpach um bainistíocht agus beartas cultúrtha (ENCATC)

Is é ENCATC an líonra Eorpach um bainistíocht agus beartas cultúrtha.

Bealach Oidhreachta Tionsclaíche na hEorpa (ERIH)

Is é ERIH líonra eolais turasóireachta na hoidhreachta tionsclaíche san Eoraip. Déanann sé ionadaíocht do níos mó na 1,000 suíomh i 43 thír Eorpacha.

Líonra Taighde agus Nuálaíochta Réigiúin na hEorpa (ERRIN)

Ardán is ea ERRIN de níos mó ná 125 eagraíocht ar páirtithe leasmhara iad ó 22 thír Eorpacha. Díríonn sé ar bheartas taighde agus nuálaíochta, cláir chistiúcháin agus forbairt tionscadail.

Institiúidí Náisiúnta an Aontais Eorpaigh don Chultúr (EUNIC)

Líonra Eorpach d’eagraíochtaí atá ag plé leis an gcaidreamh cultúrtha is ea EUNIC.

Eurocities

Líonra de phríomhchathracha Eorpacha is ea Eurocities.

Oibrithe Deonacha Eorpacha na hOidhreachta

Eagraíocht is ea Oibrithe Deonacha Eorpacha na hOidhreachta atá gníomhach in obair dheonach a bhaineann leis an oidhreacht. Is é an príomhchuspóir atá ag an eagraíocht naisc a bhunú idir réimsí na hoidhreachta agus na hoibre deonaí trí thionscadail phraiticiúla agus gníomhaíochtaí oideachais.

Cumann Tithe Stairiúla na hEorpa

Cumhdaíonn an bhrateagraíocht seo 24 chumann náisiúnta de thithe stairiúla atá faoi úinéireacht phríobháideach. Is í an phríomhsprioc atá ag an eagraíocht feasacht a chothú agus abhcóideacht a dhéanamh mar gheall ar oidhreacht chultúrtha phríobháideach.

Eagraíocht Úinéirí Talún na hEorpa (ELO)

Tá ELO tiomanta tuath inbhuanaithe rathúil a chur chun cinn agus feasacht a mhéadú maidir le saincheisteanna comhshaoil agus talmhaíochta.

Cónaidhm Scéalaíochta na hEorpa

Tacaíonn Cónaidhm Scéalaíochta na hEorpa leis an scéalaíocht mar thaibhealaín. Is é is aidhm di inniúlachtaí cáilíochta, ealaíonta, doiciméadachta, soghluaisteachta agus gairmiúla a fhorbairt, agus an disciplín seo a chur i bhfeidhm ar earnálacha cultúrtha agus sóisialta eile.

Todhchaí don Oidhreacht Reiligiúnach (FRH)

Líonra neamhreiligiúnach agus neamhbhrabúsach is ea FRH atá tiomanta an oidhreacht reiligiúnach a chaomhnú, a chosaint agus a chur chun cinn.

An Líonra Eolais um Oidhreacht Chultúrtha na hEorpa (HEREIN)

Forbraíodh HEREIN laistigh de Chomhairle na hEorpa agus tugann sé le chéile na riaracháin phoiblí Eorpacha atá i gceannas ar bheartais agus straitéisí náisiúnta oidhreachta cultúrtha chun líonra comhair uathúil a dhéanamh i réimse na hOidhreachta Cultúrtha.

ICLEI – Rialtais Áitiúla ar son na hInbhuanaitheachta

Líonra domhanda de rialtais áitiúla agus réigiúnacha is ea ICLEI atá tiomanta don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe.

Interpret Europe

Ardán Eorpach is ea Interpret Europe le haghaidh comhair agus malairte, go háirithe maidir le taighde agus oideachas.

Michael Culture Association (MCA)

Líonra trasearnála Eorpach is ea MCA atá tiomanta Oidhreacht Chultúrtha Dhigiteach na hEorpa a chur chun cinn agus a luachshocrú.

Cumann Fostóirí Taibhealaíon na hEorpa (PEARLE)

Is é PEARLE guth na n-eagraíochtaí ceoil, taibhealaíon agus taibhithe beo.

Líonraí Oidhreachta Cultúrtha

Tacaíonn an clár Eoraip na Cruthaitheachta le Líonraí Eoraip na Cruthaitheachta. Tá roinnt de na pobail sin gníomhach i réimse na hOidhreachta Cultúrtha.

Tá tuilleadh eolais faoina ngníomhaíochtaí le fáil anseo.

Líonraí agus ardáin Fís 2020, cuir i gcás an tionscadal NETCHER. Bailíonn NETCHER (An líonra agus ardán sóisialta um an oidhreacht chultúrtha a fheabhsú agus a atógáil) gníomhairí le chéile atá páirteach i gcaomhnú cultúrtha d’fhonn líonra faisnéise Eorpach agus cairt dea-chleachtas a thógáil in aghaidh gháinneáil agus chreachadh na n-earraí cultúrtha.