Skip to main content

Culture and Creativity

Oidhreacht chultúrtha

Oidhreacht chultúrtha na hEorpa, is meascán saibhir ilchineálach í de shaothair chultúrtha chruthaitheacha, oidhreacht a d'fhág ár sinsir Eorpacha againn le tabhairt ar aghaidh do na glúnta atá le teacht. Áirítear mar chuid den oidhreacht sin láithreacha nádúrtha, láithreacha a tógadh agus láithreacha seandálaíochta, iarsmalanna, séadchomharthaí, saothair ealaíne, cathracha stairiúla agus saothair liteartha, cheoil agus chlosamhairc, mar aon le heolas, cleachtais agus traidisiúin shaoránaigh na hEorpa.

Cé gur cúram na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil den chuid is mó é beartas a cheapadh sa réimse seo, tá an tAontas Eorpach tiomanta oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus a threisiú trí bheartais agus cláir éagsúla.

Faigh eolas mionsonraithe maidir leis na beartais agus na cláir sin faoi na rannáin seo a leanas:

Oidhreacht chultúrtha i mbeartais eile de chuid an Aontais

Leis an gCreat Eorpach um Ghníomhaíocht maidir le hOidhreacht Chultúrtha, moltar gur cheart aghaidh a thabhairt ar an oidhreacht chultúrtha tríd an iliomad beartas eile de chuid an Aontais, agus ní trí na beartais chultúir amháin.

Gradaim Oidhreachta na hEorpa

Le Gradaim Oidhreachta na hEorpa, cuirtear i dtábhacht tionscadail, tionscnaimh agus pearsantachtaí eiseamláireacha i réimse na hoidhreachta cultúrtha.

Laethanta Oidhreachta na hEorpa

Laethanta Oidhreachta na hEorpa, is imeachtaí iad sin atá i measc na n-imeachtaí rannpháirtíochta cultúrtha is mó a cheiliúrtar san Eoraip.

European Heritage Label

EHL sites have been selected for their symbolic value, their role in European history and the activities they offer.