Skip to main content

Culture and Creativity

Soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúir

Tá an tsoghluaisteacht; cibé acu a bhaineann sí le hobair, staidéar, taighde, comhtháirgeadh, nó rannpháirtíocht i gcónaitheacht nó i gclár malartaithe, ina cuid ríthábhachtach de ghnáthchleachtas agus gairm ealaíontóirí agus gairmithe cultúir. Ní gá go mbainfeadh an tsoghluaisteacht le rogha phearsanta amháin, ach féadfaidh baint a bheith aici le marthanas gairmiúil freisin.

Tá soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúir fíor‑riachtanach ar chúiseanna éagsúla, na cinn seo a leanas ina measc:

  • deiseanna gairme, lucht féachana agus margaí nua a rochtain
  • cruthú post in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta
  • cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha agus an idirphlé idirchultúrtha
  • líonrú agus tógáil comhpháirtíochtaí

Is minic a bhíonn ealaíontóirí agus gairmithe cultúir an‑soghluaiste, agus iad ar camchuairt chun a saothar a chur ar taispeáint agus ag tabhairt faoi thaibhithe i neart tíortha. Nuair a chuirtear feabhas ar choinníollacha d’ealaíontóirí soghluaiste, cuidítear lena slite beatha a chothú freisin.

Na bacainní roimh an tsoghluaisteacht a laghdú

Tacaíonn an Coimisiún le gníomhaíochtaí na mBallstát chun na bacainní roimh an tsoghluaisteacht d’ealaíontóirí agus gairmithe cultúir a laghdú, agus cuireann sé leo. Féachann sé le feabhas a chur ar an timpeallacht soghluaisteachta trí mhaoiniú agus deiseanna a chur ar fáil, agus a chinntiú go bhfuil eolas agus comhairle cuimsitheach agus ar fáil go héasca.

Tá an tsoghluaisteacht neadaithe i ngníomhaíochtaí áirithe d’Eoraip na Cruthaitheachta, clár an Aontais maidir leis an gcultúr, áit ar féidir léi a bheith mar chuid de thionscadail, líonraí nó ardáin chomhair. Tá scéim nua maoinithe maidir le soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúir cruthaithe, áfach, a chinntíonn comhréir idir idirphlé beartais ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus clár an Aontais maidir leis an gcultúr.

Baineadh triail as i-Portunus, an chéad scéim soghluaisteachta éileamh‑bhunaithe do dhaoine aonair de chuid an Aontais in 2019. Bhí torthaí iontacha aige agus tugadh tacaíocht dhíograiseach dó. Fuair nach mór 350 duine aonair maoiniú le haghaidh tréimhsí soghluaisteachta gairmiúla, cónaitheachtaí léiriú‑bhunaithe agus gníomhaíochtaí forbartha gairmiúla san áireamh, as €620 milliún ar an iomlán de thacaíocht a bhí ar fáil.

I measc na rannpháirtithe:

  • 97% díobh a thuairiscigh go bhfuair siad scileanna nua
  • 94% díobh a d’fhorbair lucht féachana nó asraonta nua dá saothar
  • 94% díobh a bhunaigh comhléirithe nó comhchruthaitheachtaí
  • 49% díobh a fuair tairiscint ar phost nó conradh nua

Fuair na rannpháirtithe €1,500 - €3,400 an duine chun tacú lena soghluaisteacht. Tuilleadh eolais faoi eispéiris rannpháirtithe i-Portunus.

Cláir de chuid an Aontais a thacaíonn leis an tsoghluaisteacht

Anuas ar an gclár Eoraip na Cruthaitheachta, tá sé mar aidhm ag roinnt tionscnamh agus clár de chuid an Aontais tacú leis an tsoghluaisteacht san Eoraip, soghluaisteacht in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta san áireamh. Féadfar na deontais soghluaisteachta a sholáthar trí na cláir agus tionscnaimh seo a leanas, i meas cinn eile: an clár Erasmus+, Erasmus d’fhiontraithe óga (clár COSME an Aontais Eorpaigh um Iomaíochas na bhFiontar agus um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide), Clár cónaitheachta STARTS agus tionscnamh STARTS tionscnamh an Choimisiúin Eorpaigh um an Eolaíocht, an Teicneolaíocht & na hEalaíona, a seoladh faoi Fhís 2020, clár taighde agus nuálaíochta an Aontais.

Thairis sin, i dTionscadal Comhpháirtíochta Worth, á mhaoiniú ag COSME cuimsítear an dearadh agus cuireann sé gníomhaíochtaí sonracha soghluaisteachta ar fáil, agus díríonn Treoirthionscadal soghluaisteachta déantóirí ar ghníomhaíochtaí a thacaíonn leis an tsoghluaisteacht a thástáil agus taithí a aistriú idir earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, moil chruthaitheacha, spásanna déantóirí agus saotharlanna déantúsaíochta digití.

Cuidiú leis na Ballstáit beartais níos fearr don tsoghluaisteacht chultúrtha a mhúnlú

In éineacht leis an gCoimisiún Eorpach, tá na Ballstáit i mbun comhoibriú ar shoghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúir freisin ó 2008 tríd an Modh Oscailte Comhordúcháin (MOC). Mar chreat deonach ach struchtúrach den chomhar idir rialtais an Aontais, leanann MOC d’aistriú dea‑chleachtas a éascú agus cothaíonn sé an phiarfhoghlaim.

In 2011, d’eisigh Grúpa Saineolaithe tiomanta a thionóil an Coimisiún sraith treoirlínte (Caighdeáin Faisnéise Soghluaisteachta) ar chaighdeáin cháilíochta chun seirbhísí eolais agus comhairleacha a bhunú d’ealaíontóirí agus do ghairmithe cultúir. In 2012, d’eisigh grúpa saineolaithe Bhallstáit an Aontais MOC tuarascáil bheartais inar moladh cúig phríomhphrionsabal maidir le creat láidir a thógáil agus a chothabháil chun tacú le soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúir, agus i mí na Nollag 2014, thug grúpa eile MOC Lámhleabhar Beartais ar Chónaitheachtaí Ealaíontóirí chun críche. Rinneadh anailís sa cheann deiridh díobh siúd ar luach cónaitheachtaí ealaíontóirí agus cuireadh san áireamh ann samplaí dea‑chleachtas ó ar fud an Aontais.

In 2013-2014, reáchtáil an Coimisiún dhá sheimineár théamacha do na Ballstáit agus d’earnáil an chultúir chun anailís a dhéanamh ar chleachtais riaracháin a chuireann bacainní roimh shoghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúir. Dhírigh na seimineáir ar víosaí Schengen, slándáil shóisialta agus cánachas trasteorann, agus rudaí nach iad. In 2016, thionóil an Coimisiún cruinniú meastóireachta chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh ó 2014 maidir leis na bacainní roimh an tsoghluaisteacht ealaíonta agus cultúrtha san Eoraip. Thug an beart roinnt páirtithe leasmhara ó earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, chomh maith le lucht déanta beartais, le chéile. Ba é conclúid na meastóireachta gurb ainneoin gur mó feasachta atá ann ar na bacainní roimh an tsoghluaisteacht ealaíonta agus cultúrtha, is ann fós do roinnt fadhbanna.