Skip to main content

Culture and Creativity

Dáta a fhoilsithe:

Include and Activate

Is tionscadal é ‘Include and Activate’ a fuair tacaíocht ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) 2014-2020. Ba é príomhchuspóir an tionscadal cuimsiú sóisialta grúpaí leochaileacha a chothú trí ghníomhaíochtaí cultúrtha agus tríd an oiliúint chultúrtha.

Earnálacha:
Tíortha:
Méid an bhuiséid:
Foinse an mhaoiniúcháin:

Ba é aidhm dheiridh an tionscadail tacú le haistriú na rannpháirtithe aonair go dtí an margadh saothair, an dífhostaíocht a laghdú agus an líon daoine atá ag maireachtáil faoi thairseach na bochtaineachta a laghdú dá réir.

Is iad seo a leanas na daoine a ndeachaigh an tionscadal chun tairbhe dóibh sa deireadh: daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu, daoine a bhfuil neamhoird sláinte meabhraí acu, daoine a bhí i ngéibheann ach a raibh dáta saortha socraithe dóibh agus daoine a bhí ag glacadh páirt i gcláir athshlánaithe ó dhrugaí. Thug treoraithe agus meantóirí a raibh taithí acu tacaíocht do na rannpháirtithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí bunaithe ar an gcruthaitheacht agus ar an gcultúr, sin agus scileanna agus inniúlachtaí a fhoghlaim a chuirfidh ar a gcumas iad féin a chomhtháthú go gníomhach sa tsochaí agus rochtain a fháil sa mhargadh saothair ina dhiaidh sin.

Chuir an tionscadal modúil oiliúna ar fáil lenar díríodh ar an litríocht, an léiriúchán, an litearthacht dhigiteach, an scríbhneoireacht chruthaitheach agus an léiriúchán mothúcháin. Mar chuid den tionscadal, foilsíodh Almanag le téacsanna liteartha (dánta, gearrscéalta, aistí, etc.) agus léiriúcháin a chum agus a cheap na rannpháirtithe.

Idir 2016 agus 2019 chuir an tionscadal tacaíocht ar fail do bhreis agus 300 duine a d’fhreastail ar na seisiúin oiliúna, a ghlac páirt sna taibhithe nó ar foilsíodh a saothair san Almanag. Is í Gníomhaireacht Leabhar na Slóivéine a rinne comhordú ar an tionscadal le tacaíocht ó scríbhneoirí, filí, léirithe agus comhpháirtithe institiúideacha eile as an tSlóivéin. Ba é timpeall €1 mhilliún an buiséad foriomlán a cuireadh ar fáil don tionscadal sin, agus cuireadh 80% den bhuiséad sin ar fáil ó CSE.