Skip to main content

Culture and Creativity

Dáta a fhoilsithe:

ROCK – Athnuachan agus optamú na hoidhreachta cultúrtha i gcathracha cruthaitheacha feasacha (Regeneration and Optimisation of Cultural heritage in creative and Knowledge cities)

Fuair an tionscadal ROCK maoiniú ón gclár Fís 2020 agus tugann sé líonra de 10 gcathair fheasacha le chéile ar fud na hEorpa (Lyon, Turin, Cluj, Eindhoven, Cathair na hAithne, Vilnias, Learpholl, Liospóin, Skopje, Bologna).

Earnálacha:
Tíortha:
Méid an bhuiséid:
Foinse an mhaoiniúcháin:

Lár cathracha stairiúla atá buailte ag an meathlú fisiceach, coinbhleachtaí sóisialta agus drochmhianach saoil, is é is aidhm don tionscadal iad sin a iompú ó bhonn ina gCeantair Chruthaitheacha Inbhuanaithe, trí úsáid a bhaint as próisis chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha atá inbhuanaithe.

Forbraíonn ROCK cur chuige córasach ciorclach nuálach agus cuireann sé an cur chuige sin i bhfeidhm chun gníomhaithe éagsúla, áiteanna a bhfuil luach na hoidhreachta cultúrtha leo agus córais eile a cheangal le chéile ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal áitiúil araon. Chaith ROCK le lár cathracha stairiúla mar a bheadh saotharlanna iontu, chun léiriú a thabhairt ar an dóigh ar féidir leis an oidhreacht chultúrtha a bheith mar cheann feadhna ar an athnuachan, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar an bhfás eacnamaíoch. Tá sraith dea-chleachtas curtha i bhfeidhm ag an tionscadal i suíomhanna tástála in Bologna, i Liospóin agus in Skopje.

Le ceithre bliana anuas nó mar sin, tá réitigh nuálacha á bhforbairt ag na deich gcathair sa tionscadal ROCK a léiríonn an dóigh ar féidir leis an oidhreacht chultúrtha a bheith ina ceann feadhna ar an inbhuanaitheacht uirbeach. Thug comhpháirtithe an tionscadail tacaíocht dóibh, mar shampla soláthraithe seirbhíse, ollscoileanna, líonraí fiontar, gnólachtaí agus gníomhaireachtaí forbartha, chun tástáil a dhéanamh ar uirlisí agus ar chuir chuige, agus iad sin a chur chun cinn, darb aidhm athnuachan uirbeach inbhuanaithe a mhúnlú faoi réir na hoidhreachta cultúrtha.

Ar na réitigh nuálacha oiliúna atá acu tá clár cothaithe chun borradh a chur faoi chruthú gnólachtaí glasa cruthaitheacha i ngach cathair, agus ceardlanna éiceanuálaíochta chun an nuálaíocht inbhuanaithe ghnó a spreagadh trí shaineolas a mhalartú idir FBManna glasa agus éicifhiontraithe ar fud na hEorpa. Chuir an tAontas €9,873,585 le buiséad foriomlán an tionscadail.