Skip to main content

Culture and Creativity

Dáta a fhoilsithe:

TraCEs, Cultour Is Capital - Turasóireacht Chlaochlaitheach ar fud Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa

Is faoi COSME (an Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide) an Aontais 2014-2020 a maoiníodh TraCEs agus féachann sé le bunchloch mhúnla na turasóireachta cultúrtha inbhuanaithe a leagan síos i bPríomhchathracha Cultúir na hEorpa (PCEnna), múnla atá bunaithe ar earnálacha oidhreachta, cultúrtha agus cruthaitheacha na bPríomhchathracha agus ar a mbealaí maireachtála.

Earnálacha:
Tíortha:
Méid an bhuiséid:
Foinse an mhaoiniúcháin:
Woman with a backpack looking at a distant city

Is é is aidhm dó modheolaíochtaí, próisis agus uirlisí a fhorbairt a chuideoidh chun eispéiris nua turasóireachta a chruthú in PCEnna, ina mbeidh dhá phríomhearnáil rannpháirteach: tionscail na cruthaitheachta agus an chultúir, agus oibreoirí turasóireachta. I ndeireadh na dála, creideann TraCEs nár cheart gur imeacht aon bhliain amháin a bheadh in PCE ach gur cheart todhchaí earnálacha cultúir agus cruthaitheachta na gcathracha agus na réigiún a neartú leo, sin agus go mbeadh tionchar fadtéarmach acu ar earnálacha eile agus ar an turasóireacht chultúrtha.

Mar gheall ar an tionscadal, tháinig 8 gcomhpháirtí ón Iodáil, ón tSlóvaic, ón gCróit, ón Spáinn, ón nGearmáin agus ón Ísiltír le chéile chun tréithe uathúla a dtíortha féin agus, thar aon rud eile, acmhainneacht a bpríomhchathracha cultúir a roinnt le chéile ó dhearcadh áitiúil nuálach. Seo an tuiscint atá ag TraCEs ar an turasóireacht chlaochlaitheach: Pobail a nascadh le chéile ionas go mbainfidh cuairteoirí leas as cultúir réigiúnacha agus go mbeidh siad ag idirghníomhú ar bhealach fónta le muintir na háite, rud a threisíonn coincheap an turasóra mar shaoránach sealadach seachas mar dhuine atá go díreach ar saoire. Bealach nua taistil a chothú chun eolas a chur Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa, sin toradh obair TraCEs.

Tríd an tionscadal spreagtar go gníomhach oibreoirí turasóireachta agus oibreoirí an tionscail cruthaitheachta chun idirghníomhú i “saotharlanna”, áit a n-úsáidtear acmhainní áitiúla – a dhéantar a mhapáil agus a bhailiú le chéile roimh ré – chun táirge téamach nuálach turasóireachta a chruthú. Baintear úsáid as sineirgí idir an turasóireacht agus an cultúr ag tús phróiseas iomlán forbartha an tionscadail, agus tugann an tionscadal deis ar leith d’earnáil na turasóireachta táirgí nuálacha a fhorbairt, agus do na tionscail chruthaitheachta a bheith ag comhoibriú go héifeachtach le hearnálacha eile sa gheilleagar.