Is comhpháirtíochtaí comhair idirnáisiúnta iad seo idir eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige sna Ballstáit, i dtríú tíortha atá bainteach leis an gclár agus i dtríú tíortha nach bhfuil bainteach leis an gclár freisin.
Tacaíonn na tionscadail le malartuithe idirnáisiúnta, le comhar agus le hidirphlé faoi bheartais i réimse na hóige agus na foghlama neamhfhoirmiúla ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe shocheacnamaíoch agus folláine daoine óga a fheabhsú.
Leis na tograí:
• Cuirfear deiseanna ar fáil do dhaoine óga páirt a ghlacadh sa tsochaí shibhialta agus foghlaim conas é sin a dhéanamh;
• Ardófar feasacht i measc na hóige maidir le luachanna comhchoiteanna agus cearta bunúsacha na hEorpa, sin agus cur le próiseas lánpháirtíochta na hEorpa (le tíortha an mhéadaithe go háirithe);
• Forbrófar inniúlachtaí digiteacha daoine óga, mar aon lena litearthacht sna meáin.
• Tabharfar le chéile daoine óga agus cinnteoirí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta agus agus cuirfear le hIdirphlé Óige an Aontais Eorpaigh.
Tá treoir an Chláir le fáil anseo.
Ní mór d’iarratasóirí a bheith bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ag a bhfuil baint le clár Erasmus+.
Féach treoir an chláir chun tuilleadh eolais a fháil.