Is comhpháirtíochtaí iad Pobail Eolais agus Nuálaíochta EIT a thugann gnólachtaí, ionaid taighde agus ollscoileanna le chéile agus a bhfuil sé mar aidhm acu an comhar eatarthu a neartú agus timpeallachtaí fabhracha a chruthú le go mbeidh rath ar phróisis smaointeoireachta cruthaithí agus ar an nuálaíocht. Cabhraíonn na pobail chun táirgí agus seirbhísí nuálacha a fhorbairt, chun cuideachtaí nua a thosú agus chun oiliúint a chur ar ghlúin nua fiontraithe. Cuirfidh pobal Cultúir agus Cruthaitheachta EIT réitigh nuálacha ar fáil chun cabhrú leis na hearnálacha agus leis na tionscail éirí níos láidre agus níos athléimní. Cuirfidh an pobal nuálaíochta sin oiliúint ar na fiontraithe a bheidh ann san earnáil amach anseo, tacóidh sé le fiontair cheannródaíocha, agus soláthróidh sé réitigh nuálacha ar na dúshláin atá os comhair na n-earnálacha. Le glao ar thograí tugtar cuireadh do chuibhreannais a gcuid smaointe a chur isteach maidir le PEN nua EIT i réimse an Chultúir agus na Cruthaitheachta, roimh na deiseanna maoinithe a sheolfar in 2023. Tugtar cuireadh freisin d’eagraíochtaí páirt a ghlacadh in ardán líonraithe chun níos mó a fhoghlaim faoi phróiseas forbartha phobal Cultúir agus Cruthaitheachta EIT, chomh maith le teagmháil a dhéanamh le comhpháirtithe ionchasacha do Ghlao EIT ar Thograí atá ar na bacáin.
• ní mór ar a laghad trí eagraíocht chomhpháirtíochta neamhspleácha, atá bunaithe i dtrí Bhallstát éagsúla ar a laghad, a bheith sa chuibhreannas
• is gá do dhá thrian ar a laghad de na heagraíochtaí comhpháirtíochta atá sa chuibhreannas a bheith bunaithe i mBallstáit éagsúla
• ní mór ar a laghad institiúid ardoideachais amháin, institiúid taighde amháin agus cuideachta phríobháideach amháin a bheith sa chuibhreannas atá ag déanamh iarratais
• is gá gur cuibhreannas ina bhfuil 50 comhpháirtí ar a mhéad a chuireann an togra isteach