Mar chuid den chlár Fís Eorpach, tá sé d’aidhm ag clár Éiceachórais Nuálaíochta na hEorpa (EIE) éiceachórais nuálaíochta atá níos nasctha, níos cuimsithí agus níos éifeachtúla a chruthú agus tacú le huas-scálú cuideachtaí, mar a leagtar amach sa Chlár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht.
Déanann éiceachórais nuálaíochta an méid seo a leanas:
- tugann siad le chéile eagraíochtaí a bhfuil nuálaíocht mar sprioc acu, agus
- cuireann siad san áireamh na naisc idir acmhainní (cuir i gcás cistí, trealamh agus saoráidí), eagraíochtaí (cuir i gcás institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta, cuideachtaí, caipitlithe fiontair agus idirghabhálaithe airgeadais), infheisteoirí agus lucht déanta beartas.
Na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Éiceachórais Nuálaíochta na hEorpa, déanann siad comhlánú ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag EIC agus ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), gníomhaíochtaí ar fud an chláir Fís Eorpach, tionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chomh maith le tionscnaimh san earnáil phríobháideach agus sa tríú hearnáil.
|