Skip to main content

Culture and Creativity

Creat rialála

Oibríonn tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha (CCI) i dtimpeallacht ghnó chasta, áit a ndéantar iad a shainiú leis na rialacháin chaighdeánacha a bhaineann le gnólachtaí chomh maith le cearta maoine intleachtúla, cánachas agus neart saincheisteanna eile.

Dá bhrí sin, ba cheart do na beartais agus an reachtaíocht lena rialaítear na réimsí sin (is é sin an creat rialála) oibriú chun an chruthaíocht ealaíonta a éascú agus gníomhaíochtaí gnó a chumasú, agus éagsúlacht chultúrtha na hEorpa á cur chun cinn agus á caomhnú ag an am céanna.

Tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha - níos tábhachtaí ná riamh

Tá athruithe suntasacha tapa ag teacht ar earnáil an chultúir, ar aon dul le go leor earnálacha eile, i bhfianaise na réabhlóide digití. Mar fhreagairt ar na hathruithe sin, tá sé á shainaithint níos mó ná riamh ag na rialtais go bhfuil gá le measúnú leanúnach a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil creat rialála an tionscail oiriúnach don fheidhm go fóill.

D’earnáil an chultúir, éilíonn tábhacht mhéadaitheach teicneolaíochtaí digiteacha athbhreithniú comhsheasmhach ar reachtaíocht um chearta maoine intleachtúla. Is gá do rialacha an Aontais Eorpaigh sa réimse seo an tírdhreach athraitheach digiteach a léiriú chun a chinntiú go gcosnófar cearta ealaíontóirí agus eagraíochtaí, agus go gcosnófar rochtain leathan ar chultúr don am amach romhainn.

Thairis sin, is mó a bhíonn lucht féachana agus margaí ar líne, rud a tharraingíonn aird ar an ngá atá leis na beartais chuí a chur i bhfeidhm ar an trádáil ar líne, cúrsaí cánachais, agus bunú agus oibriú gnólachtaí.

Gníomhaíochtaí an Choimisiúin chun tacú le tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha

Tugann an Coimisiún faoi roinnt gníomhaíochtaí chun measúnú a dhéanamh ar chreat rialála cultúir. Ina measc tá tionscadail a bhainistiú, staidéir agus tuarascálacha a choimisiúnú, agus comhar leis na Ballstáit a chinntiú chun dea‑chleachtais a chur i bhfeidhm.

Tá maoirseacht déanta ag an gCoimisiún freisin ar dhul chun cinn suntasach ar an timpeallacht rialála a athchóiriú. Le cois tionscadail agus ardáin lena dtacaíonn na fochláir Chultúir agus MEDIA, glacadh leis na hionstraimí dlí seo a leanas

I bhfianaise na ndúshlán a thagann as na hathruithe is déanaí ar an ngeilleagar digiteach, thionscain an Coimisiún athchóiriú suntasach beartais agus reachtach mar chuid den tionscadal maidir leis an Margadh Aonair Digiteach.

Tá sé d’aidhm ag an tionscadal seo timpeallacht rialála atá oiriúnach dá feidhm a chinntiú d’earnáil an chultúir leis na rudaí seo a leanas

Na chéad chéimeanna eile

Leanfaidh an Coimisiún dá iarrachtaí sa réimse, trí na rudaí seo a leanas go háirithe a dhéanamh