Skip to main content

Culture and Creativity

Comhionannas inscne

I dtreo Aontas an Chomhionannais

Iarrann Straitéis um Chomhionannas Inscne an Aontais Eorpaigh (AE) dul chun cinn nach beag i dtreo Eoraip atá comhionann ó thaobh na hinscne de faoi 2025. Cuirtear cuspóirí beartais agus gníomhaíochtaí i láthair sa Straitéis chun gealltanas Choimisiún von der Leyen a chur i gcrích chun Aontas an Chomhionannais a bhaint amach.

Ní mór do gach saoránach, beag beann ar a inscne, féiniúlacht agus léiriú inscne, tréithe gnéis, féiniúlacht ghnéis; bunús ciníoch nó eitneach, aois, reiligiún nó creideamh agus aon mhíchumas, a bheith in ann tabhairt faoina chonair roghnaithe sa saol agus comhionannas deiseanna a bheith aige le bheith rathúil, a bheith rannpháirteach agus a bheith ina cheannaire.

Leis na Conclúidí ón Uachtaránacht maidir leis an gcomhionannas inscne i réimse an chultúir a glacadh i mí na Nollag 2020, cuirtear i dtreis an acmhainneacht a bhaineann leis an gcultúr chun an comhionannas inscne a chur chun cinn agus an neamh-chomhionannas leanúnach inscne a aithint san earnáil.

Tagraíonn an doiciméad go háirithe do na constaicí a bhaineann leis na rudaí seo a leanas:

  • rochtain chomhionann ar mhargadh saothair an chultúir agus na cruthaíochta
  • íocaíocht chomhionann agus ionadaíocht chomhionann i bpoist chruthaitheacha agus chinnteoireachta
  • meas comhionann agus aitheantas comhionann ar a gcuid oibre

Cuireann sé i bhfáth gur mórábhair imní iad an steiréitíopáil ar bhonn inscne agus an ciapadh gnéasach fós in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

Iarrtar ar na Ballstáit sna Conclúidí ón Uachtaránacht na rudaí seo a leanas a dhéanamh, i measc rudaí eile:

  • pá comhionann a chinntiú
  • cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a chur chun cinn
  • an comhionannas inscne a ráthú in institiúidí agus i gcomhlachtaí cinnteoireachta na hearnála
  • taighde ar an gcomhionannas inscne agus bailiú sonraí atá imdhealaithe de réir inscne a chur chun cinn i réimse an chultúir

Iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh thrasnáisiúnta maidir leis an gcomhionannas inscne i réimse an chultúir agus bailiú agus dáileadh a chur chun cinn i dtaobh sonraí cultúrshonracha faoin gcomhionannas inscne agus faoin éagsúlacht chultúrtha san Eoraip.

Neamh‑chomhionannas inscne in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta

Tá bearnaí trasnacha inscne ann go fóill i nach mór gach earnáil chultúir agus chruthaitheach, agus bíonn daoine aonair thíos leis an idirdhealú mar gheall ar a n‑inscne, saintréithe pearsanta eile agus féiniúlachtaí.

Léirítear leis na sonraí atá ar fáil gur iondúil gur lú rochtana a bhíonn ag ealaíontóirí agus gairmithe cultúir ar mná iad ar fud an Aontais ar acmhainní cruthaithe agus táirgthe, go n‑íoctar i bhfad níos lú leo ná mar a íoctar le fir agus go ndéantar tearcionadaíocht orthu i róil cheannaireachta agus chinnteoireachta eile, agus i margadh na healaíne freisin. Is minic a bhíonn mná ina n‑íospartaigh gnéasachais, steiréitíopaí inscne agus gnéaschiaptha.

Sa Fhrainc, mar shampla, is mná iad 52% de na mic léinn sna Taibhealaíona. Níl ach 31% d’ealaíontóirí i mbun cleachtais, 11% d’ealaíontóirí sceidealaithe agus 18% de dhaoine i róil bainistíochta sna hearnálacha seo ar mná iad, áfach. Níor bronnadh ach idir 4-12% de ghradaim ealaíne ar mhná ó bhí 1980 ann.

Thairis sin, tá 23% de thionscadail lena dtacaíonn cistí poiblí sa Fhrainc faoi stiúir ban. Tuilleann mná a bhfuil na hinniúlachtaí nó na poist chéanna acu 27% níos lú ná ealaíontóirí fir ar an meán (foinse: ‘Inégalités entre les femmes et les hommes dans les arts et la culture’, Haut Conseil à l’Égalité, 2018).

Ceol: San Eoraip, is mná iad 20% nó níos lú de na cumadóirí agus scríbhneoirí amhrán atá cláraithe agus, tuilleann siad 30% níos lú, ar an meán, ná fir a oibríonn san earnáil (foinse: ‘Women in Music’, 2019).

Amharclannaíocht: In Éirinn, déantar tearcionadaíocht ar mhná i ngach ról amharclannaíochta a ndéantar staidéar air, cé is moite de dhearthóirí feistis. Ní mná iad ach 28% d’údair scripte, 9% de dhearthóirí fuaime agus 37% de stiúrthóirí (foinse: Taighde a choimisiúnaigh #WakingtheFeminists, 2017).

Sorcas: Sa Spáinn, tá líon suntasach níos lú mná fostaithe i gcuideachtaí atá níos láidre ó thaobh an gheilleagair de. Is fir iad 80% de na healaíontóirí ar an stáitse, agus is mná iad an 20% eile. Is fear é nach mór gach stiúrthóir seó (foinse: Taighde ag an Associació de Professionals de Circ de Catalunya (APCC), 2019).

Na hAmharc-ealaíona: In 2017, ní raibh saothar ealaíne le healaíontóirí mná ach in idir 3-5% de mhórbhailiúcháin bhuana san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe (SAM). Ag an am céanna, níor mhná iad ach 13.7% d’ealaíontóirí beo a raibh ionadaíocht á déanamh orthu ag gailearaithe san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh (foinse: National Museum of Women in the Arts (SAM), 2019).

Tá tuilleadh sonraí de dhíth maidir leis na neamhionannais inscne a bhíonn roimh dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LADTIA) ar fud an Aontais.

Ag dul i ngleic leis an mbearna inscne

Tá sé tábhachtach na héagothromaíochtaí a chruthaíonn an bhearna inscne in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a aithint, agus dul i ngleic leo, le bearta spriocdhírithe beartais. Aithnítear sa Phlean Oibre don Chultúr 2019-2022 go bhfuil comhionannas inscne ina cholún lárnach den éagsúlacht chultúrtha agus go bhfuil príomhról aige i ndúshlán steiréitíopaí a thabhairt agus athruithe ar an tsochaí a chur chun cinn.

Moltar sa Phlean Oibre dhá ghníomh chun dul i ngleic le bearnaí inscne in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta san Aontas

  • staid ealaíontóirí agus gairmithe cultúir ban a mhapáil
  • an grúpa saineolaithe Modha Oscailte Comhordúcháin (MOC) a thionól chun taithí agus dea‑chleachtais a roinnt agus moltaí a cheapadh

staidéar ar fud an Aontais ar bhearnaí inscne in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta maoinithe ag an gCoimisiún. Déantar anailís sa staidéar ar na dúshláin shonracha a bhíonn le sárú ag mná agus tugtar moltaí ann chun tacú le ceapadh beartas a thugann aghaidh ar na saincheisteanna sin.

Tuarascáil ar an gcomhionannas inscne

Anuas air sin, bhí an grúpa saineolaithe Modha Oscailte Comhordúcháin (MOC) ar an gcomhionannas inscne ag obair idir fómhar 2019 agus earrach 2021 chun sraith moltaí beartais agus gníomhartha a mholadh mar fhreagairt ar na saincheisteanna sin faoin gclár nua Eoraip na Cruthaitheachta.

Is é an toradh ar an obair sin an tuarascáil MOC dar teideal ‘Towards gender equality in the cultural and creative sectors [I dtreo an chomhionannais inscne in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta]’ a foilsíodh i mí an Mheithimh 2021.
Díríonn an tuarascáil ar na príomhdhúshláin seo a leanas:

  • steiréitíopaí inscne
  • ciapadh gnéasach
  • rochtain ar an margadh saothair agus an bhearna phá idir na hinscní
  • rochtain ar acmhainní
  • rochtain ar róil cheannaireachta agus fiontraíocht na mban.

Sa bhreis ar fhorbhreathnú ginearálta ar status quo an chomhionannais inscne in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, tionchar phaindéim COVID-19 san áireamh, déantar cur síos sa tuarascáil seo ar mholtaí forleathana agus ar dhea-chleachtais agus conas iad a chur chun feidhme.

Tá an tuarascáil á díriú ar lucht ceaptha beartas uile agus ar dhaoine atá i bpoist lena ngabhann cumhacht, agus ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, ar na meáin, agus ar earnáil an oideachais.

Moltar sa tuarascáil na rudaí seo a leanas:

  • bailiú feabhsaithe sonraí iontaofa agus inchomparáide maidir leis na bearnaí inscne ar fud an Aontais
  • an tábhacht a bhaineann le teanga inscne-íogair a úsáid
  • an comhionannas inscne a chur chun feidhme san ionad oibre chomh maith leis an mbuiséadú inscne agus le modheolaíochtaí príomhshruthaithe inscne.

In 2019, sheol an Coimisiún an lá um ‘Mná ag gluaiseacht’ chun saincheist na cothromaíochta inscne in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a phlé. Mar bhearta leantacha air sin, d’fhoilsigh an Coimisiún achoimre ar dhea‑chleachtas ón earnáil chlosamhairc le hathchruthú ar fud na mBallstát.

In 2019, phléigh an Coimisiún agus páirtithe leasmhara ó earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta saincheist na cothromaíochta inscne in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta freisin mar chuid den idirphlé struchtúrtha ‘Voices of culture’, a bhailigh 36 ionadaí earnála ó fud fad an Aontais le chéile.

Tionscadail de chuid Eoraip na Cruthaitheachta 

Tá cómhaoiniú faighte ag roinnt tionscadal a chuireann an comhionannas inscne chun cinn faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta, tionscnamh suaitheanta in earnáil an cheoil ina measc – an tionscadal Keychange.

Feachtas idirnáisiúnta é Keychange a spreagann féilte ceoil, ceolfhoirne, ardscoileanna, craoltóirí, ceolárais, gníomhairí, lipéid cheoil agus eagraíochtaí ceoil a ngealltanas a thabhairt go mbainfear amach cothromaíocht inscne 50:50 faoi 2022.

Meastar sa chlár nua Eoraip na Cruthaitheachta go ndéanfar ról na cothromaíochta inscne a neartú thar thionscadail tairbhí.