Skip to main content

Culture and Creativity

An oidhreacht chultúrtha

Faigh amach cad atá á dhéanamh ag an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit agus páirtithe leasmhara chun oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint.

Is meascán saibhir éagsúil de léirithe cultúir agus cruthaitheacha atá in oidhreacht chultúrtha na hEorpa, ar oidhreacht í a thagann anuas ó ghlúnta de mhuintir na hEorpa a bhí ann roimhe seo agus atá le tabhairt dóibh siúd atá fós le teacht.

Cuimsítear léi láithreáin nádúrtha, thógtha agus seandálaíochta, músaeim, séadchomharthaí, saothair ealaíne, cathracha stairiúla, saothair cheoil agus chlosamhairc, agus eolas, cleachtais agus traidisiúin shaoránaigh na hEorpa.

Saibhríonn an oidhreacht chultúrtha saol an tsaoránaigh aonair, tá sí ina ceann tiomána ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus tá príomhról aici i gcaipiteal sóisialta na hEorpa a chruthú agus feabhas a chur air. Is acmhainn thábhachtach í freisin le haghaidh fás eacnamaíoch, na fostaíochta agus comhtháthú sóisialta, agus tá sé de chumas aici ceantair uirbeacha agus thuaithe a athbheochan agus an turasóireacht inbhuanaithe a chur chun cinn.

Ról agus gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh

Cé gurb iad na Ballstáit, agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla, go príomha atá freagrach as beartas sa réimse seo, tá an tAontas tiomanta oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus feabhas a chur uirthi trí roinnt beartas agus clár.

Tacaíonn raon beartas, clár agus maoiniú de chuid an Aontais, an clár Eoraip na Cruthaitheachta go háirithe, le hoidhreacht chultúrtha na hEorpa. I measc bheartais an Aontais i réimsí eile faoina gcuimsítear cúrsaí oidhreachta níos mó anois, tá an taighde, nuálaíocht, oideachas, comhshaol, athrú aeráide agus beartais réigiúnacha agus beartais dhigiteacha. Dá bharr sin, tá maoiniú le haghaidh na hoidhreachta cultúrtha ar fáil faoi Fís 2020, Erasmus+, An Eoraip ar son na Saoránach agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

Saothraíonn Ballstáit an Aontais comhar beartas ar an oidhreacht chultúrtha trí Chomhairle na nAirí um Oideachas, an Óige, Cultúr agus Spórt, agus tríd an Modh Oscailte Comhordúcháin. Tugann sainghrúpa an Choimisiúin ar an oidhreacht chultúrtha, atá ar bun ó 2019, comhairle ar conas beartais an Aontais maidir leis an oidhreacht chultúrtha a chur chun feidhme. Glacann na Ballstáit, tíortha comhlachaithe, líonraí oidhreachta cultúrtha na hEorpa, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, chomh maith le hinstitiúidí de chuid an Aontais, páirt ann.

Creat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha

Tá an Creat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha (2018) ar na gnéithe is tábhachtaí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, creat lena léirítear an comhshocrú le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an oidhreacht ar an leibhéal Eorpach. Cuireann sé le hiarrachtaí Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 chun cur le rath na bliana sin agus chun í a uas-scálú le tionchar fadtéarmach a chinntiú. Bunaítear leis an gCreat sraith ceithre phrionsabal agus cúig phríomhréimse gníomhaíochta leanúnaí d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa:

Ceithre phríomhphrionsabal
  • Iomlánaíoch
  • Príomhshruthú/comhtháite
  • Ceapadh beartas fianaisebhunaithe
  • Ilpháirtithe leasmhara
Cúig réimse gníomhaíochta leanúnaí
  • an Eoraip uilechuimsitheach: rannpháirtíocht agus rochtain do chách
  • an Eoraip inbhuanaithe: réitigh chliste le haghaidh todhchaí chomhtháite inbhuanaithe
  • an Eoraip athléimneach: an oidhreacht atá faoi bhagairt a chosaint
  • an Eoraip nuálach: eolas agus taighde a úsáid
  • comhpháirtíocht idirnáisiúnta níos láidre: comhar idirnáisiúnta a neartú

An Oidhreacht Chultúrtha

Faigh eolas mion ar an oidhreacht chultúrtha, beartais ghaolmhara de chuid an Aontais, deiseanna maoinithe, na príomhthionscadail agus scéalta ratha.