Skip to main content

Culture and Creativity

Ailtireacht

Fiosraigh na naisc idir beartais, cláir agus ailtireacht an Aontais Eorpaigh.
ailtireacht

Tá cur chuige comhtháite agus duine‑lárnach á fhorbairt ag an Aontas maidir le timpeallacht thógtha inbhuanaithe, áit a bhfuil ról fíorthábhachtach ag an ailtireacht maidir le foirgnimh, spásanna poiblí agus tírdhreacha uirbeacha a dhearadh a chuireann le cáilíocht saoil na saoránach. 

Mar a luaitear sa Phlean Oibre don Chultúr 2019-2022 atá ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, is léir gur réimse trasearnálach í an ailtireacht agus ba cheart í a chur chun cinn “mar dhisciplín a chuimsíonn an chothromaíocht cheart idir gnéithe cultúrtha, sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus teicniúla ar mhaithe le leas an phobail”.

Is é seo an fáth ar féidir le roinnt beartas de chuid an Aontais (cuir i gcás foirgníocht, éifeachtúlacht fuinnimh, athrú aeráide, taighde agus comhtháthú) cur le timpeallacht thógtha d’ardchaighdeán, na beartais agus tionscnaimh chultúir a liostaítear thíos san áireamh.

Tá níos mó ná leathmhilliún ailtire san Eoraip

De réir Staidéar 2018 Chomhairle Ailtirí na hEorpa (ACE), meastar go bhfuil thart ar 562,000 ailtire san iomlán sna 28 mBallstát den Aontas, móide an Iorua, an tSeirbia agus an Eilvéis. Seo a leanas struchtúr na gairme

  • 71% de chleachtais atá ina gcleachtais duine aonair
  • 25% díobh atá ina ngrúpaí de 2-5 dhuine 
  • 3% díobh atá ina ngrúpaí de 6-10 nduine

Ó thaobh na cothromaíochta inscne de, is cosúil go bhfuil rudaí ag athrú agus is mná iad 53% d’ailtirí atá sna tríochaidí, i gcomparáid le 32% sna caogaidí.

Léiríonn an fhoirm dlí rud atá beagán éagsúil. Léiríonn an dá staidéar is déanaí ó ACE (2016 agus 2018) an méid seo a leanas

  • Tá idir 50 % go 60% d’ailtirí ag obair go neamhspleách
  • Tá idir 7% go 10% díobh ag obair i gcomhpháirtíochtaí
  • Tá cuideachta theoranta bunaithe ag idir 20% go 30% díobh

Creat beartais an Aontais Eorpaigh: amlíne ghairid

2001: Achoimre ar an gcéad bheartas

Luaitear i Rún ón gComhairle i dtaca le cáilíocht na hailtireachta i dtimpeallachtaí uirbeacha agus tuaithe an 12 Feabhra 2001 gurb í an ailtireacht nua 'oidhreacht an lae amárach'. Mhol sé do na Ballstáit 'cáilíocht na hailtireachta a chur chun cinn trí bheartais um fhoirgnimh phoiblí den scoth’, trí na Cistí Struchtúracha san áireamh.

2008: An dóigh a gcuireann an ailtireacht leis an bhforbairt inbhuanaithe

I gconclúidí na Comhairle i dtaca leis an ailtireacht: cion tairbhe an chultúir leis an bhforbairt inbhuanaithe i mí na Nollag 2008, iarradh go ndéanfaí cion tairbhe na hailtireachta le ‘timpeallacht thógtha ardchaighdeáin’ a phríomhshruthú agus go n-ardófaí an fheasacht air.

Malartú beartais

Cheadaigh an Fóram Eorpach um Bheartais Ailtireachta (EFAP), nach bhfuil ann dó a thuilleadh, malartú beartais idir na Ballstáit agus d’fhoilsigh sé Suirbhé ar Bheartais Ailtireachta san Eoraip in 2012. Le blianta beaga anuas, tá méadú ag teacht ar an aitheantas a thugtar don tábhacht a bhaineann le hardchaighdeán ailtireachta d’fhorbairt inbhuanaithe shochaithe na hEorpa.

2018: Baukultur agus ceapadh beartas traschuspóra

Dearbhú Davos “I dTreo Baukultur Ardchaighdeáin don Eoraip", a ghlac Airí Cultúir na hEorpa agus páirtithe leasmhara (ar nós ACE) i mí Eanáir 2018. Leagadh béim ann ar ról lárnach an chultúir sa timpeallacht thógtha agus iarradh cur chuige comhtháite agus ardchaighdeáin ann i leith na timpeallachta a chruthaíonn an duine (i.e. Baukultur, a chuimsíonn ailtireacht, oidhreacht, spás poiblí, tírdhreach, bonneagar).

Tá an coincheap seo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus tá tuilleadh plé á dhéanamh air leis na grúpaí a leanas

  • Stiúrthóirí Eorpacha na hAiltireachta (cruinnithe neamhfhoirmiúla a sheol Aireacht Chultúir na Fraince in 2017 chun forbairt beartais a mhalartú)
  • Comhdhálacha Eorpacha ar Bheartais Ailtireachta (ECAP) a eagraíonn na Ballstáit ag a mbíonn Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh

Grúpa saineolaithe na mBallstát ar an ailtireacht

Toradh na hoibre beartais a rinneadh faoi 2018, Plean Oibre don Chultúr 2019-2022 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, is é sin an spreagadh a bhí le grúpa Modha Oscailte Comhordúcháin (MOC) a chruthú de shaineolaithe de chuid na mBallstát le díriú ar Ailtireacht agus Timpeallacht Thógtha Ardcháilíochta do Chách.

Ghlac 35 shaineolaí ó 22 Bhallstát, móide an Eilvéis agus an Iorua, páirt sa ghrúpa seo. Reáchtáladh an chéad chruinniú i mí Feabhra 2020.

An 5 Deireadh Fómhair 2021, agus conclúidí an tsainghrúpa á mbailiú aige, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an tuarascáil dar teideal ‘I dtreo cultúr comhroinnte ailtireachta - Infheistíocht a dhéanamh i dtimpeallacht mhaireachtála ardcháilíochta do chách’. 

Is é is aidhm don tuarascáil a léiriú nár cheart na critéir maidir le spás maireachtála agus dearadh ardcháilíochta a bheith díreach feidhmiúil, éiceolaíoch nó eacnamaíoch amháin ach gur cheart dóibh riachtanais shóisialta, chultúrtha agus shíceolaíocha a chomhlíonadh, chomh maith le braistint ghinearálta chomhuintearais. Bunaithe ar bhailiúchán cás-staidéir, tugtar moltaí sa tuarascáil chun ailtireacht agus timpeallacht thógtha ar ardchaighdeán a chinntiú.

Bhunaigh an grúpa saineolaithe sineirgí le gníomhaíochtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, ar nós thionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais a bhaineann leis an timpeallacht thógtha, na Comhpháirtíochta ar Chultúr agus Oidhreacht Chultúrtha de chuid an Chláir Oibre Uirbigh agus an tionscadail Urban Maestro de chuid Fís 2020.

Tacaíocht Eoraip na Cruthaitheachta d’ailtireacht (ardchaighdeáin)

Duaiseanna a aithníonn obair shármhaith san Ailtireacht Chomhaimseartha

Le tacaíocht ón gclár Eoraip na Cruthaitheachta, eagraíonn an tAontas Eorpach dhá dhuais le Fondúireacht Mies van der Rohe chun éachtaí sármhaithe san ailtireacht a aithint:

1. Duais an Aontais Eorpaigh le haghaidh na hAiltireachta Comhaimseartha - Gradam Mies van der Rohe

Ó 2001, is é Duais an Aontais Eorpaigh le haghaidh na hAiltireachta Comhaimseartha - Gradam Mies van der Rohe príomhuirlis an Aontais chun aird a tharraingt ar ailtireacht ardchaighdeáin san Eoraip agus í a chur chun cinn. Is duais dhébhliantúil í a chuireann i dtábhacht saothar ailtireachta den scoth ar fud na hEorpa. Anuas ar an bpríomhdhuais (€60,000), tá Duais an Ailtire atá ag Teacht Chun Cinn (€20,000) ann freisin.

2. Gradam 'Éirim Óg na hAiltireachta'

Comhlánaíonn Gradam 'Éirim Óg na hAiltireachta' (YTAA), a seoladh in 2016, Duais an Aontais Eorpaigh le haghaidh na hAiltireachta Comhaimseartha trí na tionscadail dioplóma is fearr le mic léinn ailtireachta na hEorpa a aithint agus cuidiú leo san aistriú go dtí an saol gairmiúil. Tá ACE, an Comhlachas Eorpach um Oideachas Ailtireachta (EAAE) agus La Biennale di Venezia ina gcomhpháirtithe oifigiúla de YTAA.

Chun idirphlé a chothú idir gairmithe óga ar fud an domhain, osclaíodh YTAA do dhá thír san Áise in 2018 agus do thrí thír i Meiriceá Laidineach in 2020. Seoladh eagrán Áiseach as féin de YTAA (leis an tSín, an India, an tSeapáin, agus an Chóiré Theas) in 2020 freisin.

Líonraí agus ardáin

Faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta, tacaíonn an tAontas Eorpach/an Coimisiún Eorpach leis na líonraí agus ardáin seo a leanas:

Comhairle Ailtirí na hEorpa

Ar Chomhairle Ailtirí na hEorpa (ACE) tá 43 Eagraíocht is Comhalta ó 31 tír san Eoraip: comhlachtaí ionadaíochta náisiúnta rialála agus gairmiúla na hailtireachta i mBallstáit an Aontais, sa tSeirbia, san Eilvéis agus san Iorua.

Tacaítear léi mar Líonra Eorpach de bharr a gníomhaíochtaí CONNECT ARCH (Bealtaine 2017 - Aibreán 2021), a bhfuil sé mar aidhm acu acmhainneacht na gairme a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus a thiocfaidh chun cinn: soghluaisteacht trasteorann agus trasnáisiúnta, iomaíochas méadaithe ó lasmuigh den Aontas Eorpach, oiriúnú do theicneolaíochtaí digiteacha, sealbhú scileanna agus inniúlachtaí nua. 

Glacann ACE páirt freisin i nGrúpa Saineolaithe an Choimisiúin ar an Oidhreacht Chultúrtha agus déanann sé obair leis an ngrúpa MOC ar Ailtireacht Ardchaighdeáin. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, déanann sé caibidlíocht ar Chomhaontú um Aitheantas Frithpháirteach (MRA) le tíortha nach Ballstáit iad, ar nós Cheanada agus Phoblacht na Cóiré.

Ardán na hAiltireachta LINA

Is ardán é LINA (Foghlaim, Idirghníomhú agus Líonrú san Ailtireacht) a thionscain institiúidí agus eagraíochtaí a bhí taobh thiar d’Ardán na hAiltireachta sa Todhchaí in 2021. Is é is aidhm do LINA tacú le hailtirí atá ag teacht chun cinn agus ag an am céanna leas a bhaint as iarrachtaí na gairme chun timpeallacht inbhuanaithe a chruthú.

Tugann LINA le chéile iarrachtaí ailtireachta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil agus tacaíonn sé le smaointe a chuidíonn leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích agus scaipeann siad iad. Trí thaighde, ceardlanna, taispeántais, comhdhálacha agus tionscadail foilsitheoireachta, léiríonn LINA éiteas an Bauhaus Nua Eorpach, sin agus tacaíonn sé leis an ailtireachta inbhuanaithe a fhorbairt.

Tugann LINA le chéile 28 n-eagraíocht ó 23 thír sa Mheánmhara, ina measc tá roinnt imeachtaí débhliantúla, tríbhliantúla agus féilte, roinnt músaem, líonraí taighde agus saotharlann, roinnt tithe foilsitheoireachta agus ollscoileanna, iad go léir lonnaithe san Eoraip. Déanann Dámh na hAiltireachta in Ollscoil Liúibleána comhordú ar an tionscnamh.

Tionscadail chomhair

Is fiú aird a tharraingt ar na tionscadail chomhair chultúrtha seo a leanas.

Cathracha daonna: Dúshlán scála na cathrach a thabhairt (2014-2018)

Tionscadal a bhaineann úsáid as an dearadh mar uirlis chruthaitheach inbhuanaithe chun dul i mbun nuálaíochta le daoine sa spás uirbeach, faoi stiúir Cité du design - Saint Etienne (FR).

Leis an tionscadal leantach “SMOTIES-Saothair chruthaitheacha le háiteanna beaga agus iargúlta” in 2020, cuirfidh an t‑ardán a chur chuige i bhfeidhm ar 10 n‑áit bheaga agus iargúlta san Eoraip atá beartaithe mar thaisclanna cultúir ábhartha agus neamhábhartha atá i mbaol a chaillte.

Taispeántas Débhliantúil Ailtireachta Tbilisi (2018 agus 2020)

Bunaíodh Taispeántas Débhliantúil Ailtireachta Tbilisi in 2018 faoi stiúir na heagraíochta Seoirsigh 42 Gradusi. Fiosraíodh sa chéad eagrán neamhfhoirmiúlacht spásanna tógtha agus cónaitheacha i lonnaíochtaí cónaithe in Tbilisi agus níos faide ar shiúl. Faoin teideal “Buildings Are Not Enough”, rinne Taispeántas Débhliantúil Ailtireachta Tbilisi staidéar ar phróisis chlaochlaitheacha agus patrúin chónaithe cónaitheoirí cathrach a athchruthaíodh le déanaí: claochlaíodh foirgnimh agus fad agus a bhí saol na ndaoine a bhí ina gcónaí iontu á chlaochlú.

Céard atáthar ag súil leis sa chlár Eoraip na Cruthaitheachta (2021-27)

Mar chuid de thogra an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh an chláir Eoraip na Cruthaitheachta (2021-2027) tá tacaíocht earnála d’earnáil na hailtireachta. Ba cheart go ndíreodh na gníomhaíochtaí beartaithe ar fhothú acmhainneachta, ardú feasachta agus rochtain ar mhargaí.

Creative Europe support to architecture

The Creative Europe programme supports architecture through its different actions and prizes:

  • prizes
  • Creative Europe Networks and Creative Europe Platforms
  • European Cooperation Projects
  • sectorial support

EU Prize for Contemporary Architecture

The European Union organises the EU Prize for Contemporary Architecture - Mies van der Rohe Award (EUmies Awards) to recognizing excellence in built works of architecture in Europe (Architecture and Emerging) and final diploma works by recently graduated architects (Young Talent), supported through the Creative Europe programme:

Networks and platforms

The Creative Europe programme supports the following networks and platforms in the architecture sector:

European Cooperation projects

These are the European cooperation projects, that Creative Europe supports between 2021 and 2027, that are worth highlighting:

Creative Europe Project Results

Here you can find project information and results of projects supported by the European Commission under the current and previous Creative Europe programmes and under the previous Culture 2007-2013 programme.

Go to the platform  

Sectorial support for architecture

The Creative Europe programme provides sectoral support to architecture and heritage for a quality built environment on top of the actions mentioned above, to address common difficulties the sector encounters.

This support includes capacity-building, promotion of Baukultur, peer learning and audience engagement in order to disseminate high-quality principles in contemporary architecture.

Living spaces

Cities and regions shaping the built environment for everyone.