Skip to main content

Culture and Creativity

Ceol

Faigh amach cén fáth a dteastaíonn tacaíocht ó earnáil an cheoil san Eoraip agus cén chaoi a gcuidíonn an tAontas Eorpach leis an earnáil.

Tá an ceol ríthábhachtach d’éagsúlacht chultúrtha na hEorpa

Measann an Coimisiún Eorpach go bhfuil earnáil an cheoil ríthábhachtach chun éagsúlacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus a hiomaíochas a neartú. Is é an ceol teanga uilíoch an chine dhaonna agus tá cumhacht uathúil, chruthaitheach agus aontaithe ann don tsochaí agus don duine aonair araon. Baineann an‑tábhacht eacnamaíoch leis freisin. Is í earnáil an cheoil an tríú fostóir is mó laistigh de thionscail an chultúir agus na cruthaitheacha san Aontas. Agus í bunaithe ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide, tá earnáil cheoil na hEorpa an‑éagsúil agus nuálach agus tá acmhainneacht thábhachtach fáis inti.

Cén fáth a dteastaíonn an tacaíocht seo?

Mar gheall ar an aistriú digiteach agus breis iomaíochta ó ghníomhairí domhanda, bíonn earnáil an cheoil ag athrú de shíor. Le deich mbliana anuas, bhí seo ina shiocair le hathruithe bunúsacha ar an gcaoi a ndéantar ceol a chruthú, a léiriú agus a dháileadh agus ar an gcaoi a saothraítear airgead as. De bharr na staide nua seo tá deiseanna agus dúshláin úra ann ar gach leibhéal de shlabhra luacha an cheoil, mar shampla athdháileadh an ioncaim agus luach saothair cóir d’ealaíontóirí sa timpeallacht nua dhigiteach nó an gá le tuilleadh scileanna digiteacha agus gnó a fhorbairt d’ealaíontóirí.

Teastaíonn tacaíocht chun cuidiú leis an earnáil agus a brainsí a bheith níos iomaíche sa mhargadh idirnáisiúnta agus chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá roimh shaothar saibhir ceoil na hEorpa agus roimh an iliomad daoine tréitheacha atá ag teacht chun cinn maidir le teorainneacha a thrasnú. Ní bhaintear leas iomlán as ról tairbheach an cheoil ó thaobh na sochaí agus an gheilleagair de go fóill i gceapadh beartas na hEorpa agus i gceapadh beartas náisiúnta. Tá sé sin ag tarlú freisin mar gheall nach bhfuil dóthain sonraí iontaofa inchomparáide ann ar an earnáil, agus ar na feidhmeanna agus ar an bhfeidhmíocht ata aici.

Go luath in 2020, bhuail géarchéim an choróinvíris an earnáil go dona, rud a chruthaigh dúshláin nua thábhachtacha d’inmharthanacht éiceachórais an cheoil trí chéile. Thug sé bundúshláin struchtúrtha chun tosaigh freisin. Cuideoidh téarnamh éiceachóras ar nós éiceachóras an cheoil le téarnamh an Aontais ina iomláine sa deireadh.

Bain ceol as an Eoraip – príomhchuspóirí

Tacaíonn an Coimisiún Eorpach leis an earnáil laistigh de chur chuige comhtháite dar teideal ‘Bain ceol as an Eoraip’.

Is é is aidhm do Bain ceol as an Eoraip (MME) éiceachóras inmharthana Eorpach ceoil a chur chun cinn agus tacú le príomhshócmhainní na hearnála: an éagsúlacht, an t‑iomaíochas agus an nuálaíocht. Go straitéiseach, tá an tionscnamh ailínithe le tosaíochtaí polaitiúla foriomlána an Aontais agus cuideoidh sé lena mbaint amach.

Seo a leanas na cuspóirí sonracha

  • an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a chur chun cinn
  • éagsúlacht cheol na hEorpa a chosaint agus a leathnú
  • cuidiú leis an earnáil dul in oiriúint don digitiú agus leas a bhaint as
  • tacú leis an earnáil chun bheith níos inmharthana