Skip to main content

Culture and Creativity

Tá ionadaíocht agus infheictheacht grúpaí leochaileacha sna meáin, cuir i gcás imircigh agus dídeanaithe go fóill imeallach ar na meáin shóisialta phríomhshrutha ar fud na hEorpa agus aird ar leith á tabhairt ar staid na hÚcráine. Is é an cuspóir atá ann i gcónaí bealaí a shainaithint chun meáin shóisialta chuimsitheacha a chur chun cinn san Eoraip, agus cabhrú leis na grúpaí sin a n-insintí féin a chruthú faoi áit agus ról na ndídeanaithe agus na n-imirceach i sochaithe agus i bpobail na hEorpa.

 

Tabharfar tacaíocht d’fhéilte Eorpacha a dhéanann sciar suntasach de shaothair chlosamhairc Eorpacha neamhnáisiúnta a chlársceidealú, lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí a mhairfidh ar feadh bliana agus atá dírithe ar lucht féachana agus éisteachta a leathnú agus a athnuachan, sin agus ar ghníomhaíochtaí nuálacha for-rochtana lucht féachana agus éisteachta a chur chun feidhme chomh maith le tionscnaimh do lucht féachana óg.

Tá sé mar aidhm ag an gClár ‘ACC-AE i dtreo tionscal cultúrtha inmharthana’ borradh a chur faoi acmhainneacht earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta agus an méid a chuireann sé le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch thíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC). Tá sé mar aidhm ag an gclár fiontraíocht agus nuálaíocht chultúrtha a spreagadh, poist nua a chruthú agus ioncam ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha a mhéadú.

Clár maoiniúcháin nua de chuid an Aontais is ea an Clár don Eoraip Dhigiteach (DIGITAL) atá dírithe ar an teicneolaíocht dhigiteach a sholáthar do ghnólachtaí, do shaoránaigh agus d’údaráis phoiblí. Cuireann sé ar fáil maoiniú straitéiseach ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an iliomad dúshlán ar ar gá dúinn aghaidh a thabhairt sa lá atá inniu maidir le teicneolaíochtaí digiteacha agus bonneagair dhigiteacha.

Tacaíonn cnuasach 5, ‘Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht’, le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Is féidir le geallsealbhóirí cultúrtha agus cruthaitheacha páirt a ghlacadh sna nithe seo a leanas:

Tionscadail de chuid Chnuasach 3 ‘Slándáil Shibhialta don tSochaí, tacóidh siad le tosaíochtaí beartas an Aontais a chur chun feidhme, ar tosaíochtaí iad a bhaineann leis an tslándáil, an chibearshlándáil san áireamh, agus laghdú rioscaí tubaiste agus an athléimneacht. Is féidir le páirtithe leasmhara cruthaitheacha páirt a ghlacadh sna nithe seo a leanas: • Tionscadail taighde a chuireann leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar earraí cultúrtha; • Measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus leochaileachtaí tubaiste i láithreáin oidhreachta cultúrtha; • Imeachaí cultúrtha móra.

Is é Cnuasach1 ‘An tSláinte’ agus tá sé mar aidhm aige sochaí Eorpach a chruthú a bheidh níos láidre, níos ionchuimsithí agus níos daonlathaí. Dírítear mar chuid den snáithe ar phríomhtheicneolaíochtaí, príomh-earnálacha agus príomhshlábhraí luacha digiteacha atá ag teacht chun cinn a fhorbairt.

Tá sé mar aidhm ag Cnuasach 2 ‘An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach’ na cuspóirí agus na tosaíochtaí de chuid an Aontais atá nasctha leis an méid seo a leanas a bhaint amach:
• An rialachas daonlathach agus rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú;
• An oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn; agus
• Freagairt ar an gclaochlú sóisialta, eacnamaíoch, teicneolaíoch agus cultúrtha agus iad go léir a mhúnlú.

Is é atá in FARNET pobal daoine a bhfuil forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (CLLD) á cur chun feidhme acu faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI). Sa phobal seo, tugtar le chéile Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (FLAGanna), údaráis bhainistíochta, saoránaigh agus saineolaithe ó gach cearn den Aontas, chun obair a dhéanamh ar fhorbairt inbhuanaithe iascaigh agus limistéar cósta. Roimhe seo, is minic a tugadh tacaíocht faoin tionscnamh seo do thionscadail a bhaineann leis na healaíona agus leis an gceardaíocht, agus leis an oidhreacht chultúrtha.

Subscribe to Seirbhís phoiblí (áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta)