Tionscadail de chuid Chnuasach 3 ‘Slándáil Shibhialta don tSochaí, tacóidh siad le tosaíochtaí beartas an Aontais a chur chun feidhme, ar tosaíochtaí iad a bhaineann leis an tslándáil, an chibearshlándáil san áireamh, agus laghdú rioscaí tubaiste agus an athléimneacht. Is féidir le páirtithe leasmhara cruthaitheacha páirt a ghlacadh sna nithe seo a leanas: • Tionscadail taighde a chuireann leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar earraí cultúrtha; • Measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus leochaileachtaí tubaiste i láithreáin oidhreachta cultúrtha; • Imeachaí cultúrtha móra.
Is é Cnuasach1 ‘An tSláinte’ agus tá sé mar aidhm aige sochaí Eorpach a chruthú a bheidh níos láidre, níos ionchuimsithí agus níos daonlathaí. Dírítear mar chuid den snáithe ar phríomhtheicneolaíochtaí, príomh-earnálacha agus príomhshlábhraí luacha digiteacha atá ag teacht chun cinn a fhorbairt.
Tá sé mar aidhm ag Cnuasach 2 ‘An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach’ na cuspóirí agus na tosaíochtaí de chuid an Aontais atá nasctha leis an méid seo a leanas a bhaint amach:
• An rialachas daonlathach agus rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú;
• An oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn; agus
• Freagairt ar an gclaochlú sóisialta, eacnamaíoch, teicneolaíoch agus cultúrtha agus iad go léir a mhúnlú.
Is é atá in FARNET pobal daoine a bhfuil forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (CLLD) á cur chun feidhme acu faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI). Sa phobal seo, tugtar le chéile Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (FLAGanna), údaráis bhainistíochta, saoránaigh agus saineolaithe ó gach cearn den Aontas, chun obair a dhéanamh ar fhorbairt inbhuanaithe iascaigh agus limistéar cósta. Roimhe seo, is minic a tugadh tacaíocht faoin tionscnamh seo do thionscadail a bhaineann leis na healaíona agus leis an gceardaíocht, agus leis an oidhreacht chultúrtha.
Rannchuidíonn an Sásra um Aistriú Cóir le réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe chuig spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus do gheilleagar an Aontais atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, bunaithe ar Chomhaontú Pháras. Is príomhuirlis é an Ciste chun tacú leis na críocha is mó a ndéanfaidh an t-aistriú i dtreo na neodrachta aeráide difear dóibh, trí thacaíocht shaincheaptha a thabhairt dóibh.
Is é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) príomhionstraim na hEorpa chun infheistíocht a dhéanamh sna daoine.
Agus buiséad ag CSE+ ina bhfuil beagnach €99.3 billiún don tréimhse 2021-2027, leanfaidh sé de rannchuidiú tábhachtach a thabhairt do bheartais fostaíochta, shóisialta, oideachais agus scileanna an Aontais, agus athchóirithe struchtúracha sna réimsí sin san áireamh.
Is cuid de Bheartas Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh é CFRE agus tá sé d’aidhm aige comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais Eorpaigh a neartú trí mhíchothromaíochtaí idir na réigiúin a cheartú, trí thacú le téarnamh eacnamaíoch, le cruthú post, leis an iomaíochas, leis an nuálaíocht agus leis an inbhuanaitheacht. Cuireann sé tosaíochtaí polaitiúla an Aontais i gcrích, go háirithe an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.
Éascaíonn CETFT infheistíochtaí i mbonneagar na tuaithe. Tá go leor ceantair thuaithe san Aontas Eorpach thíos le fadhbanna struchtúracha amhail easpa deiseanna fostaíochta tarraingteacha, ganntanais scileanna, tearcinfheistíocht sa nascacht, sa bhonneagar agus i seirbhísí riachtanacha, chomh maith le himirce daoine óga. Ní luaitear go soiléir an tacaíocht do thionscadail chultúrtha sa chlár, ach éascaíonn CETFT infheistíochtaí i mbonneagar tuaithe, a bhfuil bonneagar cultúrtha san áireamh ann.
Gníomhaíochtaí duine le duine ar líne a bhíonn i gceist le malartuithe fíorúla.
Cuireann siad comhphlé idirchultúrtha chun cinn chomh maith le forbairt scileanna boga i measc daoine as tríú tíortha nach bhfuil bainteach leis an gclár, Ballstáit de chuid an Aontais nó tríú tíortha atá páirteach sa chlár.
I ngrúpaí beaga a reáchtáiltear iad agus bíonn éascaitheoir ann i gcónaí chun iad a stiúradh.
Tá eolaire an chláir ar fáil anseo.
Cuireann tionscadail gníomhaíochtaí foghlama neamhfhoirmiúla i bhfeidhm lena gcuirtear chun cinn rannpháirtíocht na hóige i saol daonlathach na hEorpa.
Beidh sé d’aidhm ag na tionscadail an méid seo a leanas: