Is é is cuspóir don tacaíocht a thugtar d’ábhar teilifíse agus d’ábhar ar líne cur le cumas léiritheoirí closamhairc chun tionscadail láidre a fhorbairt agus a tháirgeadh a bhfuil acmhainneacht shuntasach ann a chur i gcúrsaíocht ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, agus comhléiriúcháin Eorpacha agus idirnáisiúnta a éascú laistigh den earnáil teilifíse agus ar líne.
Is comhpháirtíochtaí iad Pobail Eolais agus Nuálaíochta EIT a thugann gnólachtaí, ionaid taighde agus ollscoileanna le chéile agus a bhfuil sé mar aidhm acu an comhar eatarthu a neartú agus timpeallachtaí fabhracha a chruthú le go mbeidh rath ar phróisis smaointeoireachta cruthaithí agus ar an nuálaíocht. Cabhraíonn na pobail chun táirgí agus seirbhísí nuálacha a fhorbairt, chun cuideachtaí nua a thosú agus chun oiliúint a chur ar ghlúin nua fiontraithe.
Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí faoin bhfochlár ‘Rannpháirtíocht a leathnú agus an Limistéar Eorpach Taighde a neartú’ scaipeadh agus saothrú thorthaí an taighde a chur chun cinn tríd an idirghníomhaíocht idir an t-oideachas agus an taighde a threisiú.
Tionscadail de chuid Chnuasach 3 ‘Slándáil Shibhialta don tSochaí, tacóidh siad le tosaíochtaí beartas an Aontais a chur chun feidhme, ar tosaíochtaí iad a bhaineann leis an tslándáil, an chibearshlándáil san áireamh, agus laghdú rioscaí tubaiste agus an athléimneacht. Is féidir le páirtithe leasmhara cruthaitheacha páirt a ghlacadh sna nithe seo a leanas: • Tionscadail taighde a chuireann leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar earraí cultúrtha; • Measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus leochaileachtaí tubaiste i láithreáin oidhreachta cultúrtha; • Imeachaí cultúrtha móra.
Is é Cnuasach1 ‘An tSláinte’ agus tá sé mar aidhm aige sochaí Eorpach a chruthú a bheidh níos láidre, níos ionchuimsithí agus níos daonlathaí. Dírítear mar chuid den snáithe ar phríomhtheicneolaíochtaí, príomh-earnálacha agus príomhshlábhraí luacha digiteacha atá ag teacht chun cinn a fhorbairt.
Tá sé mar aidhm ag Cnuasach 2 ‘An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach’ na cuspóirí agus na tosaíochtaí de chuid an Aontais atá nasctha leis an méid seo a leanas a bhaint amach:
• An rialachas daonlathach agus rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú;
• An oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn; agus
• Freagairt ar an gclaochlú sóisialta, eacnamaíoch, teicneolaíoch agus cultúrtha agus iad go léir a mhúnlú.
Cuireann an snáithe seo le hacmhainn eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta atá gníomhach i gcur chun cinn luachanna agus ceart, ar eagraíochtaí iad a gcabhraíonn a ngníomhaíochtaí le forfheidhmiú straitéiseach ceart faoi dhlí an Aontais agus faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Cuireann na gníomhaíochtaí le gníomhaíochtaí abhcóideachta agus faire, agus déanann siad luachanna an Aontais a chur chun cinn, a chosaint agus feasacht a ardú ina leith ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta.
Is é atá in FARNET pobal daoine a bhfuil forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (CLLD) á cur chun feidhme acu faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI). Sa phobal seo, tugtar le chéile Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (FLAGanna), údaráis bhainistíochta, saoránaigh agus saineolaithe ó gach cearn den Aontas, chun obair a dhéanamh ar fhorbairt inbhuanaithe iascaigh agus limistéar cósta. Roimhe seo, is minic a tugadh tacaíocht faoin tionscnamh seo do thionscadail a bhaineann leis na healaíona agus leis an gceardaíocht, agus leis an oidhreacht chultúrtha.
Is é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) príomhionstraim na hEorpa chun infheistíocht a dhéanamh sna daoine.
Agus buiséad ag CSE+ ina bhfuil beagnach €99.3 billiún don tréimhse 2021-2027, leanfaidh sé de rannchuidiú tábhachtach a thabhairt do bheartais fostaíochta, shóisialta, oideachais agus scileanna an Aontais, agus athchóirithe struchtúracha sna réimsí sin san áireamh.
Is cuid de Bheartas Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh é CFRE agus tá sé d’aidhm aige comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais Eorpaigh a neartú trí mhíchothromaíochtaí idir na réigiúin a cheartú, trí thacú le téarnamh eacnamaíoch, le cruthú post, leis an iomaíochas, leis an nuálaíocht agus leis an inbhuanaitheacht. Cuireann sé tosaíochtaí polaitiúla an Aontais i gcrích, go háirithe an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.