Cuireann tionscadail gníomhaíochtaí soghluaisteachta chun cinn do na grúpaí daoine seo a leanas:
- Foghlaimeoirí: daltaí, mic léinn, oiliúnaithe, printísigh, daoine óga, foghlaimeoirí fásta;
- Baill foirne: ollúna, múinteoirí, oiliúnóirí, oibrithe don óige, agus daoine atá ag obair in eagraíochtaí atá gníomhach i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige;
Is é is príomhaidhm do thionscadail tacú le foghlaimeoirí eolas, scileanna agus dearcthaí a fhoghlaim, inniúlachtaí teanga san áireamh.