Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua gluaiseacht chruthaitheach agus idirdhisciplíneach a fhorbairt lena masctar an Comhaontú Glas don Eoraip le saol laethúil shaoránaigh an Aontais. Tá an tionscnamh á chomhdhearadh trí rannpháirtíocht dhíreach na saoránach, saineolaithe, gnólachtaí agus Institiúidí agus is iad seo a leanas na haidhmeanna atá leis:
Le tairseach FBM an Chláir InvestEU, éascaítear infhaighteacht agus rochtain ar mhaoiniú go príomha do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga, cinn nuálacha san áireamh chomh maith leo siúd a fheidhmíonn in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga freisin. Chomh maith leis sin, cuirtear tacaíocht chaipitil ar fáil do FBManna nach raibh deacrachtaí acu cheana féin i dtéarmaí Státchabhrach ag deireadh 2019, ach a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar rioscaí suntasacha ó shin i ngeall ar an ngéarchéim a tharla de thoradh phaindéi
Tá ionadaíocht agus infheictheacht grúpaí leochaileacha sna meáin, cuir i gcás imircigh agus dídeanaithe go fóill imeallach ar na meáin shóisialta phríomhshrutha ar fud na hEorpa agus aird ar leith á tabhairt ar staid na hÚcráine. Is é an cuspóir atá ann i gcónaí bealaí a shainaithint chun meáin shóisialta chuimsitheacha a chur chun cinn san Eoraip, agus cabhrú leis na grúpaí sin a n-insintí féin a chruthú faoi áit agus ról na ndídeanaithe agus na n-imirceach i sochaithe agus i bpobail na hEorpa. |
Is é cuspóir na tacaíochta faoin scéim Eorpach um mionfhorbairt iomaíochas cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha Eorpacha a chothú i dtíortha ina bhfuil acmhainneacht íseal closamhairc (grúpa LCC A agus grúpa LCC B) agus a n-ualach eacnamaíoch ar an margadh a mhéadú.
|
Tabharfar tacaíocht d’fhéilte Eorpacha a dhéanann sciar suntasach de shaothair chlosamhairc Eorpacha neamhnáisiúnta a chlársceidealú, lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí a mhairfidh ar feadh bliana agus atá dírithe ar lucht féachana agus éisteachta a leathnú agus a athnuachan, sin agus ar ghníomhaíochtaí nuálacha for-rochtana lucht féachana agus éisteachta a chur chun feidhme chomh maith le tionscnaimh do lucht féachana óg. |
Leis an ngníomhaíocht Scannáin ag ul ó áit go háit, spreagfar agus tacófar le dáileadh níos leithne scannán Eorpach neamhnáisiúnta a rinneadh le déanaí trí ghníomhairí díolacháin agus dáileoirí amharclainne a spreagadh go háirithe chun infheistíocht a dhéanamh i gcur chun cinn agus i ndáileadh leordhóthanach scannán Eorpach neamhnáisiúnta.
|
Leis an tacaíocht maidir le Díolachán Scannán Eorpach, spreagfar agus tacófar le dáileadh trasnáisiúnta níos leithne na scannán Eorpach a rinneadh le déanaí trí chistí a chur ar fáil do ghníomhairí díolacháin Eorpacha, bunaithe ar a bhfeidhmíocht sa mhargadh, chun tuilleadh ath-infheistíochta a dhéanamh i bhfáil, i gcur chun cinn agus i ndáileadh (ar líne san áireamh) scannán Eorpach neamhnáisiúnta a rinneadh le déanaí. |
Is é is cuspóir don ghníomhaíocht maidir le huirlisí agus samhlacha gnó nuálacha iomaíochas, inscálaitheacht agus inbhuanaitheacht ghníomhaithe na hEorpa a neartú, chomh maith le hinfheictheacht agus infhaighteacht na saothar Eorpach a fheabhsú agus lucht féachana a mhéadú sa timpeallacht dhigiteach. |
Is é is cuspóir don tacaíocht a thugtar d’ábhar teilifíse agus d’ábhar ar líne cur le cumas léiritheoirí closamhairc chun tionscadail láidre a fhorbairt agus a tháirgeadh a bhfuil acmhainneacht shuntasach ann a chur i gcúrsaíocht ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, agus comhléiriúcháin Eorpacha agus idirnáisiúnta a éascú laistigh den earnáil teilifíse agus ar líne.
Is é atá in FARNET pobal daoine a bhfuil forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (CLLD) á cur chun feidhme acu faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI). Sa phobal seo, tugtar le chéile Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (FLAGanna), údaráis bhainistíochta, saoránaigh agus saineolaithe ó gach cearn den Aontas, chun obair a dhéanamh ar fhorbairt inbhuanaithe iascaigh agus limistéar cósta. Roimhe seo, is minic a tugadh tacaíocht faoin tionscnamh seo do thionscadail a bhaineann leis na healaíona agus leis an gceardaíocht, agus leis an oidhreacht chultúrtha.