Is é atá in FARNET pobal daoine a bhfuil forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (CLLD) á cur chun feidhme acu faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI). Sa phobal seo, tugtar le chéile Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (FLAGanna), údaráis bhainistíochta, saoránaigh agus saineolaithe ó gach cearn den Aontas, chun obair a dhéanamh ar fhorbairt inbhuanaithe iascaigh agus limistéar cósta. Roimhe seo, is minic a tugadh tacaíocht faoin tionscnamh seo do thionscadail a bhaineann leis na healaíona agus leis an gceardaíocht, agus leis an oidhreacht chultúrtha.
Rannchuidíonn an Sásra um Aistriú Cóir le réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe chuig spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus do gheilleagar an Aontais atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, bunaithe ar Chomhaontú Pháras. Is príomhuirlis é an Ciste chun tacú leis na críocha is mó a ndéanfaidh an t-aistriú i dtreo na neodrachta aeráide difear dóibh, trí thacaíocht shaincheaptha a thabhairt dóibh.
Is cuid de Bheartas Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh é CFRE agus tá sé d’aidhm aige comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais Eorpaigh a neartú trí mhíchothromaíochtaí idir na réigiúin a cheartú, trí thacú le téarnamh eacnamaíoch, le cruthú post, leis an iomaíochas, leis an nuálaíocht agus leis an inbhuanaitheacht. Cuireann sé tosaíochtaí polaitiúla an Aontais i gcrích, go háirithe an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.