Skip to main content

Culture and Creativity

Sraith MEDIA Eoraip na Cruthaitheachta

Tacú le hearnáil scannánaíochta agus le hearnáil chlosamhairc na hEorpa agus iad a chur chun cinn
Sraith MEDIA Eoraip na Cruthaitheachta 2023 - amharcíomhá

Tacaíonn an tsraith MEDIA de chlár Eoraip na Cruthaitheachta le tionscail scannánaíochta agus chlosamhairc na hEorpa saothair Eorpacha a fhorbairt, a dháileadh agus a chur chun cinn, agus timpeallacht dhigiteach an lae inniu á cur san áireamh.
Ina theannta sin:

  • spreagann sé comhar ar fud shlabhra luacha an tionscail chlosamhairc agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun fiontair agus ábhar Eorpach a mhéadú ar fud an domhain 
  • cothaíonn sé daoine cumasacha, is cuma cárb as dóibh, agus éascaíonn sé comhroinnt eolais 
  • tacaíonn sé le réitigh nuálacha chun freastal ar éilimh agus ar threochtaí an mhargaidh 
  • bíonn daoine de gach aois páirteach ann, an ghlúin óg go háirithe

Struchtúr nua do chlár nua 

Ní hamháin gur comóradh 30 bliain MEDIA a bhí ann in 2021 ach freisin rinneadh ceiliúradh ar thús chlár nua Eoraip na Cruthaitheachta don tréimhse 2021-2027. Chun níos mó solúbthachta a chinntiú sna gníomhaíochtaí a dtacaítear leo agus chun comhar a spreagadh i measc na gcodanna éagsúla de shlabhra luacha an chlosamhairc, tá na tosaíochtaí bunaithe ar 4 bhraisle.

Cuir eolas ar na braislí

Inneachar

Gnó

Tagged in:  Eoraip na Cruthaitheachta