Skip to main content
Culture and Creativity home page Culture and Creativity home page

Culture and Creativity

Inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh i réimse an chultúir

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach ar mhaithe leis an gcultúr, bunaithe ar chonarthaí agus na ranna atá freagrach laistigh den Choimisiún Eorpach.

Ní thugtar sainmhíniú sriantach docht ar an rud is cultúr ann in aon cheann de dhoiciméid bhunaidh an Aontais Eorpaigh, agus fágtar faoi rogha na mBallstát agus daoine aonair é a shainmhíniú, bunaithe ar a smaointeoireacht náisiúnta, áitiúil agus aonair ar leith. Mar sin féin, i mbunús dlí an chláir Eoraip na Cruthaitheachta, an t‑aon chlár de chuid an Aontais Eorpaigh atá tiomanta go sonrach tacú leis an gcultúr, tugtar sainmhíniú oscailte ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

Foras inniúlacht an Aontais Eorpaigh i réimse an chultúir

Tagraítear sa réamhrá a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) do “inspioráid a fháil ó oidhreacht chultúrtha, reiligiúnach agus dhaonna na hEorpa”. Sonraítear ann freisin go bhfuil sé ar cheann d’aidhmeanna an Aontais go “n-urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus cinnteoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú’ (Airteagal 3 CAE)”. Ina theannta sin, aithnítear in Airteagal 6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) gurb iad inniúlachtaí an Aontas Eorpaigh i réimse an chultúir “gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus chun iad a chomhordú nó a fhorlíonadh”.

Cúnamh a thabhairt d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta

Agus Ballstáit aonair de chuid an Aontais freagrach as a mbeartais féin maidir le hearnáil an chultúir, is é ról an Choimisiúin Eorpaigh cuidiú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choitianta. Ina measc sin, tá an tionchar a bhíonn ag teicneolaíochtaí digiteacha, samhlacha rialachais chultúrtha a bhíonn ag athrú agus an gá tacú le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta chun nuála.

Tugann an Coimisiún faoina ghníomhaíochtaí i gcomhréir le doiciméid straitéiseacha ar an gcomhar cultúrtha, chomh maith lena thosaíochtaí féin, a bhunaítear le haghaidh téarma ar leith den Choimisiún.

Chun a chinntiú go n-aithneofar ról sóisialta agus eacnamaíoch an chultúir i gceapadh beartas agus i ngníomhaíochtaí níos forleithne an Aontais, oibríonn an Coimisiún ar roinnt príomhthéamaí. Cinntíonn sé freisin go léirítear sa reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais an chastacht a bhaineann le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

Cuidíonn an Coimisiún leis na Ballstáit freisin chun na drochéifeachtaí a bhíonn ag géarchéimeanna agus ag dúshláin a mhaolú i gcás ina mbeadh freagairt chomhordaithe an Aontais Eorpaigh ina cuidiú.

An Coimisiún agus an cultúr – ceannaireacht agus seirbhísí freagracha

Is í Mariya Gabriel an Coimisinéir reatha atá freagrach as earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. An sainordú atá aici ná a chinntiú go gcuirfear an Clár Oibre Eorpach Nua le haghaidh an Chultúir chun feidhme ina iomláine, agus na tionscail chruthaitheacha agus an clár Eoraip na Cruthaitheachta a chur chun cinn. Mar chuid dá cúram freisin tá nuálaíocht, taighde, oideachas agus an óige.

Is í an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr (AS EAC) an roinn de chuid an Choimisiúin atá i gceannas ar chúrsaí cultúir. Cuireann AS EAC gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun cinn sa réimse seo, lena gcumhdaítear earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, an oidhreacht chultúrtha san áireamh, forbraíonn sé beartais bunaithe ar shonraí agus faisnéis a bhailítear agus bainistíonn sé clár an Aontais a bhaineann le cultúr - an clár Eoraip na Cruthaitheachta.

Seo a leanas roinnt ranna eile de chuid an Choimisiúin atá ag obair ar shaincheisteanna a bhaineann le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta

Cumhdaítear saincheisteanna cultúir i roinnt beartais agus cláir eile a bhíonn á mbainistiú ag seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin freisin, cuir i gcás fostaíocht nó forbairt áitiúil agus réigiúnach.