Skip to main content

Culture and Creativity

Deiseanna maoiniúcháin don oidhreacht chultúrtha

maoiniú don oidhreacht chultúrtha

Tacaíonn roinnt cláir mhaoiniúcháin de chuid an Aontais leis an oidhreacht chultúrtha faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha, buiséad ilbhliantúil an Aontais don tréimhse idir 2021 agus 2027.

Duine ar bith atá ag iarraidh cur isteach ar mhaoiniú ó na cláir sin, is féidir leis treoir mhaoiniúcháin CulturEU a úsáid. Leis an uirlis sho-úsáidte sin, cuirtear i láthair deiseanna maoiniúcháin atá ar fáil d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i gcláir an Aontais 2021-2027.

Tá treoir mhaoiniúcháin CulturEU ar fáil mar uirlis ghréasáin idirghníomhach ar líne agus mar threoirleabhar inphriontáilte. Cumhdaítear ann deiseanna a bhaineann le thart ar 20 clár maoiniúcháin de chuid an Aontais ar féidir leo tacú le tionscadail a bhfuil gné chultúrtha agus chruthaitheach ag baint leo.

Eoraip na Cruthaitheachta

Is é an clár Eoraip na Cruthaitheachta príomhfhoinse mhaoiniúcháin an Aontais d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

Erasmus+

Díríonn clár Erasmus+ ar thionscadail soghluaisteachta agus ar mhalartuithe fíorúla, ar chomhar eagraíochtúil agus ar chomhpháirtíochtaí, chomh maith le tacaíocht do chomhar beartais ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Tá an clár oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ó Bhallstáit an Aontais, ó thíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gclár agus ó thíortha comhpháirtíochta eile.

Le linn Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha (2018), bhronn Erasmus+ beagnach €92 mhilliún ar 965 thionscadal comhair agus soghluaisteachta a dhírigh ar an oidhreacht chultúrtha.

Tionscadail aibhsithe

Is tionscadal Erasmus+ é HeritagePRO maidir le dea-chleachtais a chomhroinnt i gcaomhnú na hoidhreachta cultúrtha.

Is féidir breathnú ar an méid sin agus ar níos mó tionscadal Erasmus+ maidir leis an oidhreacht chultúrtha ar ardán thorthaí an tionscadail Erasmus+, nó an foilseachán ‘Erasmus+: Ár n-oidhreacht chultúrtha a shaibhriú’.

Fís Eorpach

Is ag leanúint den chlár Fís 2020 atá an clár Fís Eorpach, mar phríomhchlár taighde agus nuálaíochta an Aontais agus buiséad €95.5 billiún aige.

Íoslódáil bileog eolais ina bhfuil forléargas ar an mbuiséad

Is ar thrí cholún atá an clár bunaithe:

  1. Eolaíocht den Scoth
  2. Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach
  3. An Eoraip Nuálach

Titeann cur chun cinn na hoidhreachta cultúrtha faoi Bhraisle 2 de cholún 2 ‘Cultúr, Cruthaitheacht agus Sochaí Chuimsitheach’. Is é is aidhm do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta sa Bhraisle seo, i measc cuspóirí eile, ‘feabhas a chur ar chosaint, breisiú, caomhnú agus athchóiriú níos éifeachtaí ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa’.

An Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV)

Cuireann an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna le tuiscint na saoránach ar an Aontas Eorpach, ar a stair agus ar a éagsúlacht. Spreagann sé daoine freisin chun páirt a ghlacadh i bpróisis dhaonlathacha ar leibhéal an Aontais.

Díríonn cuid thábhachtach den chlár ar chuimhneachán: cuimhní ar an stair a choinneáil beo ionas gur féidir linn foghlaim ón am atá thart agus cur leis an taithí sin le haghaidh todhchaí níos fearr. Tá ról tábhachtach ag an oidhreacht chultúrtha san iarracht sin.
Sampla amháin de thionscadail a mhaoinítear faoi CERV is ea tionscadail nasctha bailte. Cuimsítear leo gníomhaíochtaí a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha freisin, mar aon leis an rannpháirtíocht shibhialta a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais.

 

An Ciste Comhtháthaithe agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

An Ciste Comhtháthaithe, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, agus laistigh de sin, Interreg na hEorpa, sin iad na príomhfhoinsí maoiniúcháin d’fhorbairt réigiúnach an Aontais.

Is féidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá i gceannas ar an oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn tairbhe a bhaint as tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

Laistigh de bhuiséad €226 bhilliún do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, a bhfuil €9 mbilliún san áireamh don chlár Interreg, leithdháiltear thart ar €4.7 billiún chun poist áitiúla a chruthú ag láithreáin oidhreachta agus chun cuairteoirí a mhealladh chuig na cathracha agus na háiteanna sonracha.

Sraith clár atá in Interreg na hEorpa darb aidhm comhar a spreagadh idir réigiúin laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Tá an oidhreacht chultúrtha i measc na dtopaicí is coitianta laistigh de Interreg na hEorpa.

Last updated: