Skip to main content

Culture and Creativity

Maidir leis an gClár Eoraip na Cruthaitheachta

Is é Eoraip na Cruthaitheachta clár suaitheanta an Choimisiúin Eorpaigh chun tacú le hearnáil an chultúir agus an earnáil chlosamhairc.

Slide

Tá buiséad €2.44 billiún ag an gclár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027, i gcomparáid le buiséad €1.47 billiún an chláir a bhí ann roimhe (2014-2020). Déanann Eoraip na Cruthaitheachta infheistíocht i ngníomhaíochtaí a threisíonn an éagsúlacht chultúrtha agus a fhreagraíonn ar riachtanais agus ar dhúshláin earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an chláir:

  • éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus oidhreacht na hEorpa a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn
  • iomaíochas agus acmhainneacht eacnamaíoch earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a mhéadú, go háirithe an earnáil closamhairc.

Cuirfidh gnéithe nua an chláir le téarnamh na n-earnálacha agus treiseoidh siad a n-iarrachtaí chun bheith níos cuimsithí, níos digití agus níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Tá trí shnáithe gníomhaíochta mar chuid den chlár Eoraip na Cruthaitheachta:

Snáithe an CHULTÚIR

Tionscnaimh lena gcuirtear chun cinn agus lena bhfeabhsaítear an comhar ealaíne agus cultúrtha ar an leibhéal Eorpach.

An snáithe MEDIA

Gníomhaíochtaí lena spreagtar iomaíochas, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht san earnáil chlosamhairc Eorpach.

An snáithe TRASEARNÁLACH

Tionscnaimh lena gcuirtear chun cinn gníomhaíochtaí nuálacha agus comhar idir an earnáil chlosamhairc agus earnáil an chultúir.

Gnéithe nua an chláir Eoraip na Cruthaitheachta

Is iad seo a leanas príomhghnéithe nua an chláir:

  • béim níos mó ar an gcruthú trasnáisiúnta agus ar an nuálaíocht
  • rochtain níos éasca ar mhaoiniú trí rátaí cómhaoinithe níos airde (leibhéil ranníocaíochta níos mó ó Eoraip na Cruthaitheachta le haghaidh tionscadal)
  • béim ar thacaíocht a thabhairt don chomhar ar leibhéal an Aontais ionas go mbeidh earnáil chlosamhairc na hEorpa níos iomaíche ar fud an domhain
  • scéim soghluaisteachta le haghaidh ealaíontóirí agus gairmithe
  • gníomhaíochtaí atá dírithe ar riachtanais earnálacha sonracha cruthaitheacha, mar shampla earnálacha an cheoil, na hailtireachta agus na hoidhreachta cultúrtha.

Incháilitheacht le haghaidh maoiniúcháin

Tá an clár Eoraip na Cruthaitheachta oscailte d’eagraíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha ó Bhallstáit an Aontais, agus ó thíortha nach tíortha den Aontas iad. Is féidir le tíortha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tíortha is iarrthóirí/iarrthóirí ionchasacha agus tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa páirt a ghlacadh sa chlár, faoi réir coinníollacha áirithe.

Faigh tuilleadh eolais faoi thíortha atá incháilithe, chomh maith leis na treoirlínte do gach glao sonrach ar thograí.

An próiseas iarratais

Eagraíochtaí ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar dheiseanna, is féidir leo tuilleadh eolais a fháil ar leathanaigh aonair gach snáithe den chlár (a liostaítear thuas).

Cuirfear eolas níos mionsonraithe ar fáil faoin bpróiseas iarratais in am trátha ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr agus sa rannán maidir le glaonna ar thograí. Is féidir le hiarratasóirí tacaíocht a fháil freisin ó Dheasca Eoraip na Cruthaitheachta.

Tagged in:  Eoraip na Cruthaitheachta