Skip to main content

Culture and Creativity

Earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta

Cuimsítear le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta gach earnáil a bhfuil a ngníomhaíochtaí bunaithe ar luachanna cultúir, nó ar léirithe ealaíonta aonair nó comhchoitinn agus sainmhínítear iad i mbunús dlí an chláir Eoraip na Cruthaitheachta.

Tá tacaíocht do na hearnálacha sin bunaithe ar shonraí a chuireann Eurostat ar fáil mar chuid de ghréasán an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) ar Chultúr agus a chuid oibre chun comhchuibhiú na staitisticí ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chomhordú a thuilleadh (mar shampla, tríd an athbhreithniú ar thíopeolaíochtaí agus téarmaíochtaí Táscairí, cumarsáid a dhéanamh trí tháscairí agus ábharthacht do cheapadh beartas).

Ar an taobh eile, cuireann earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta béim ar na céimeanna níos déanaí den slabhra luacha - na céimeanna táirgthe agus scaipthe d’oibríochtaí tionsclaíocha agus monaraíochta san áireamh.

Tábhacht earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta

Tá earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta tábhachtach chun forbairt leanúnach sochaithe a chinntiú agus tá siad ag croílár an gheilleagair chruthaithigh. Is earnálacha dlútheolais iad atá bunaithe ar chruthaitheacht agus tallann an duine aonair, agus gineann siad saibhreas suntasach eacnamaíoch. Níos tábhachtaí fós, tá siad fíor‑thábhachtach do bhraistint chomhroinnte féiniúlachta, cultúir agus luachanna Eorpacha. I dtéarmaí eacnamaíocha, baineann fás os cionn an mheáin leo agus cruthaíonn siad poist - do dhaoine óga go háirithe - agus an comhtháthú sóisialta á neartú acu ag an am céanna.

Tacaíocht d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta: An clár Eoraip na Cruthaitheachta

Cuimsítear leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta CULTURE Eoraip na Cruthaitheachta agus MEDIA (closamhairc) Eoraip na Cruthaitheachta chomh maith leis an tsnáithe trasearnála.

Tacaíonn Eoraip na Cruthaitheachta le comhar agus gníomhaíochtaí líonraithe trasteorann d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ar fad agus cómhaoiníonn sí ardáin agus líonraí tábhachtacha.

Chun togra an chláir a ullmhú do chlár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027 atá le teacht, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le réimse leathan páirtithe leasmhara agus saineolaithe de chuid na mBallstát. Reáchtáladh na comhairliúcháin i gcomhthráth leis an meastóireacht eatramhach ar chlár Eoraip na Cruthaitheachta 2014-2020 agus chinn an dá cheann acu nár chomhlíon an clár atá ann faoi láthair riachtanais roinnt de na hearnálacha ar bhealach leordhóthanach.

Tá sé beartaithe ag an togra d’Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027 na heasnaimh sin a réiteach trí thacaíocht shonrach earnála a chur san áireamh maidir le réimsí ar nós na gcinn seo a leanas

Díreoidh na gníomhaíochtaí earnála seo ar fhothú acmhainneachta, gairmiúlú agus fothú tallainne, bailiú sonraí chun tuiscint níos fearr a fháil ar na hearnálacha, chomh maith le deiseanna easpórtála. Déanfaidh siad forbairt ar ghníomhaíochtaí agus tionscadail faoi stiúir an Aontais a cuireadh i gcrích cheana féin le blianta beaga anuas, ar nós an tionscadail Bain ceol as an Eoraip, agus cuirfidh siad leo.

Nuálaíocht, fiontraíocht agus maoiniú

Is ábhair thábhachtacha iad an fhiontraíocht agus an nuálaíocht d’earnálacha agus do thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta. Tá scrúdú níos mionsonraithe déanta ag saineolaithe de chuid na mBallstát orthu. Féadfar torthaí a fháil, cuir i gcás, sa Tuarascáil MOC dar teideal "The role of public policies in developing entrepreneurial and innovation potential of the cultural and creative sectors” [Ról na mbeartas poiblí in acmhainneacht fiontraíochta agus nuálaíochta earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a fhorbairt] agus in Achoimre mhionsonraithe ar bheartais agus staidéir ghaolmhara de chuid an Aontais.

Ábhar atá chomh tábhachtach céanna agus ar a bhfuil scrúdú déanta ag saineolaithe de chuid na mBallstát is ea rochtain ar mhaoiniú d’earnálacha agus tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta agus tá a gcuid torthaí curtha san áireamh sa tuarascáil MOC ar Rochtain ar Mhaoiniú "Towards more efficient financial ecosystems” [I dtreo éiceachórais airgeadais níos éifeachtúla].

I mí Eanáir 2020, d’eagraigh an comhthionscadal beartais FLIP (“Maoiniú, Foghlaim, Nuálaíocht agus Paitinniú”) le haghaidh thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta, in éineacht leis an gCoimisiún agus saineolaithe de chuid na mBallstát, comhdháil chun breathnú níos grinne ar a bhfuil bainte amach maidir le maoiniú, nuálaíocht agus topaicí ábhartha eile d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

De bhreis ar na tionscnaimh shonracha sin, tá scéimeanna éagsúla tacaíochta Eorpacha ann don earnáil agus don tionscal a théann i ngleic leis na saincheisteanna sin

Líonraí i réimsí earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ar an leibhéal Eorpach

Chun tacú le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta trí cheapadh beartas fianaisebhunaithe, tá an Coimisiún Eorpach agus Eurostat ag obair ar staitisticí cultúir agus ar staidéir ábhartha eile.