Skip to main content
Culture and Creativity home page Culture and Creativity home page

Culture and Creativity

Duais an Aontais Eorpaigh le haghaidh na hAiltireachta Comhaimseartha – Gradam Mies van der Rohe

Duais an Aontais Eorpaigh le haghaidh na hAiltireachta Comhaimseartha – Gradam Mies van der Rohe – tá an gradam sin á bronnadh ó bhí 2001 ann chun sármhaitheas saothar ailtireachta ar fud na hEorpa a cheiliúradh. Ina theannta sin, leagann an gradam béim ar an mbealach a gcuireann ardchaighdeán san ailtireacht go mór le forbairt inbhuanaithe agus le hathléimneacht na saoránach.

Céard é Gradam Mies van der Rohe?

Bronntar Duais an Aontais Eorpaigh le haghaidh na hAiltireachta Comhaimseartha gach re bliain. Leagann sé béim ar na saothair ailtireachta a thógtar ar fud na hEorpa agus atá ar chaighdeán sármhaith. Anuas ar an bpríomhdhuais (€60,000), tá Duais an Ailtire atá ag Teacht Chun Cinn (€20,000) ann freisin.

Ó 2001 i leith, tá an duais comheagraithe ag an an gCoimisiún Eorpach agus ag Fundació Mies van der Rohe gach re bliain. Ó 1988 i leith, nuair a bunaíodh an duais, tugadh an Gradam Mies van der Rohe air go dtí 1998. Tugtar Gradam AE Mies air freisin mar leagan gearr.

Eagraítear an searmanas bronnta i mí na Bealtaine i bPailliún Mies van der Rohe in Barcelona na Spáinne. Cuirtear catalóg agus taispeántas taistil le chéile de na tionscnaimh a ainmníodh, a cuireadh ar an ngearrliosta agus ar bronnadh gradam orthu, le haghaidh gach ceann de na duaiseanna. Tá aip ar fáil freisin chun na saothair a ainmníodh a fheiceáil agus a aimsiú.

Céard air a ndéanann an Gradam ceiliúradh?

Bronntar Gradam AE Mies ar shaothair ailtireachta aonair a léiríonn barr feabhais i dtéarmaí coincheapúla, sóisialta, cultúrtha agus teicniúla. Cuireann sé le heolas an phobail ar ardchaighdeán na hailtireachta agus ar an gcaoi a gcuireann sé go mór le hathléimneacht na saoránach agus le forbairt inbhuanaithe shráidbhailte, bhailte, agus chathracha na hEorpa.

Leagann Gradam AE Mies béim ar an mbaint atá ag an Aontas Eorpach le tacaíocht a thabhairt do chaighdeán agus d'éagsúlacht ailtireacht na hEorpa, mar aon lena ról i dtaca le comhchultúr Eorpach a shainiú.

Faigh tuilleadh eolais

Tagged in:  Eoraip na Cruthaitheachta Ailtireacht