Skip to main content
Culture and Creativity home page Culture and Creativity home page

Culture and Creativity

Gradam ‘Éirim Óg na hAiltireachta’ (YTAA)

Cruthaíodh an Gradam ‘Éirim Óg na hAiltireachta’ (YTAA) in 2016 chun aird a tharraingt ar thionscadail dioplóma shármhaithe a rinne mic léinn Ailtireachta, Pleanála Uirbí agus Ailtireachta Tírdhreacha as gach cearn den Eoraip agus as tríú tíortha roghnaithe. Deonaítear gach ré-bhliain é.

Cad atá i gceist leis?

Seoladh an Gradam ‘Éirim Óg na hAiltireachta’ (YTAA) in 2016 mar chomhlánú ar Dhuais an Aontais ar son na hAiltireachta Comhaimseartha chun tacú le héirim na nAiltirí, na bPleanálaithe Uirbeacha agus na nAiltirí Tírdhreacha a bhí tar éis céim a bhaint amach.

Is iad scoileanna ailtireachta as gach cearn den Eoraip agus as tríú tíortha roghnaithe (an tSín agus an Chóiré Theas in 2018) a mholann na tionscadail dioplóma. Roghnaíonn giúiré saineolaithe triúr (nó ceathrar) buaiteoirí chun na duaiseanna seo a leanas a fháil: €5,000 an duine, próifíl in World Architects agus tacaíocht i gcéimeanna tosaigh a ngairmeacha.

Is í Fondúireacht Mies van der Rohe a eagraíonn YTAA, le tacaíocht ó Eoraip na Cruthaitheachta i gcomhar leis an gComhlachas Eorpach um Oideachas Ailtireachta (EAAE) agus le Comhairle Ailtirí na hEorpa (ACE-CAE).

Bhí searmanais bhronnta YTAA 2016 agus 2018 ina 'n-imeachtaí comhthaobhacha’ ag Taispeántas Débhliantúil Ailtireachta na Veinéise. I dtaispeántas taistil (a thosaíonn sa Veinéis) déantar na dearaí atá ar an ngearrliosta a chur i láthair san Eoraip agus lasmuigh di.

 

Cad chuige é?

Tacú le héirim ailtirí nó pleanálaithe uirbeacha atá tar éis céim a bhaint amach agus iad ag teacht isteach sa saol gairmiúil, is chuige sin a bunaíodh an Gradam ‘Éirim Óg na hAiltireachta’ (YTAA).

Ós rud é go mbeidh siad freagrach as ár dtimpeallacht a athrú go mór amach anseo, tabharfar tacaíocht do na céimithe ar bronnadh an gradam orthu líonra a chruthú le hailtirí bunaithe agus páirtithe leasmhara ábhartha/eagraíochtaí ábhartha a bhfuil baint acu le Gradam Mies an Aontais. Le YTAA cuideofar leo lena gcéad chéimeanna gairmiúla.

Is mian le YTAA aitheantas a thabhairt do scoileanna ailtireachta atá tiomanta do chaighdeán ailtireachta a bhrúnn chun cinn an fhorbairt inbhuanaithe agus cáilíocht saoil.

 

Tuilleadh eolais uait?


Grianghraf: Fondúireacht Mies van der Rohe

Tagged in:  Eoraip na Cruthaitheachta