Skip to main content

Culture and Creativity

Oidhreacht chultúrtha

Oidhreacht chultúrtha na hEorpa, is meascán saibhir ilchineálach í de shaothair chultúrtha chruthaitheacha, oidhreacht a d'fhág ár sinsir Eorpacha againn le tabhairt ar aghaidh do na glúnta atá le teacht. Áirítear mar chuid den oidhreacht sin láithreacha nádúrtha, láithreacha a tógadh agus láithreacha seandálaíochta, iarsmalanna, séadchomharthaí, saothair ealaíne, cathracha stairiúla agus saothair liteartha, cheoil agus chlosamhairc, mar aon le heolas, cleachtais agus traidisiúin shaoránaigh na hEorpa.

Cé gur cúram na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil den chuid is mó é beartas a cheapadh sa réimse seo, tá an tAontas Eorpach tiomanta oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus a threisiú trí bheartais agus cláir éagsúla.

Faigh eolas mionsonraithe maidir leis na beartais agus na cláir sin faoi na rannáin seo a leanas: