Valmiera: dúlra a dhéanamh den asfalt
Páirc Foraoise, samhail d’athshlánú cuimsitheach agus comhfhiosach ó thaobh an chomhshaoil de.
- Tír:
-
An Laitvia
- Type of project :
- Public space
- Size of city/region:
- Below 30 000 inhabitants
Príomhfhíricí
Stiúideonna ailtireachta: Mind Work Ramps i gcomhar le ALPS Landscape Workshop agus Ceļu comforts Ltd.
Príomhurraitheoir: Latvia’s State Forests Jsc. Agus Bardas Valmiera
An bhliain a cuireadh an tionscadal i gcrích: Aibreán – Iúil 2021
Achar iomlán: 11,395 ha
Duaiseanna:
- An chéad áit in ‘Sustainability in architecture, construction, design in the Baltics 2023 [‘An inbhuanaitheacht san ailtireacht, san fhoirgníocht agus sa dearadh sna Baltaigh 2023’]’, san ainmniúchán ‘An tírdhreachú is inbhuanaithe’
- An dara háit sa chatagóir ‘Tírdhreach’ sna gradaim ‘Foirgneamh na Bliana 2021 sa Laitvia’
- An dara háit sa chatagóir ‘Feabhsú Críche’ sa chomórtas ‘Gradam Bhliain Tógála 2021 na Laitvia’
Cúlra cathrach/réigiúnach
Is i dtuaisceart na Laitvia atá Valmiera suite, ar an teorainn leis an Eastóin, i réigiún lochanna agus aibhneacha. Tá ailtireacht ardcháilíochta agus an timpeallacht thógtha curtha ag an mbardas ar thús cadhnaíochta ina straitéis forbartha, á n-ailíniú le straitéis forbartha inbhuanaithe Valmiera 2022-2038. Tá plean don fhuinneamh inbhuanaithe agus don ghníomhaíocht ar son na haeráide forbartha ag an gcathair freisin go dtí 2030, ina gcomhtháthaítear tionscnaimh atá dírithe ar rioscaí tuilte a chosc agus ar thógáil inbhuanaithe aeráidneodrach a chur chun cinn.
Bhí spás uirbeach in easnamh sa chathair chun freastal ar leasanna agus ar riachtanais na gcónaitheoirí óga, go háirithe iad siúd a ghlac páirt i spóirt agus gníomhaíochtaí neamhthraidisiúnta. I ngeall ar na háiseanna spóirt teoranta agus easpa áiseanna ag an bpáirc scátála, tháinig coinbhleachtaí agus fiú loitiméireacht chun cinn. Ag an am céanna, d’iarr an pobal spás do dhaoine óga chun páirt a ghlacadh i spórt uirbeach agus i ngníomhaíochtaí uirbeacha, rud a laghdódh teannas sóisialta agus leithlisiú. Dá bhrí sin, bhí gá ní ba mhó ná riamh le páirc spóirt nua.
Réiteach
Trí rannpháirtíocht ghníomhach an phobail agus trí mhachnamh cúramach a dhéanamh ar roghanna na gcónaitheoirí, d’athbheoigh an chathair limistéar a bhí ag meath roimhe sin ina pháirc bheo chomhaimseartha ghlas trí sheanrinc oighir faoin aer a ndearnadh faillí inti a thiontú. Freastalaíonn an Pháirc Foraoise le haghaidh spóirt agus caitheamh aimsire gníomhach ar riachtanais na hóige trí spás uirbeach nua-aimseartha a chur ar fáil le haghaidh spóirt uirbeacha. Cuimsíonn an dearadh nua rian rothaíochta 170 m ar fad, seastán don lucht féachana, cúirt, clós súgartha, trealamh aclaíochta amuigh faoin aer agus sconna uisce óil poiblí. Cuireadh na háiseanna in oiriúint chun freastal ar ghrúpaí éagsúla, chun idirghníomhaíocht, aontacht agus nasc níos doimhne leis an dúlra a chur chun cinn go gníomhach.
An suíomh a roghnaíodh, ba limistéar ollmhór é ar cuireadh asfalt air roimhe, rud a bhí ag cur le héifeacht an teasoileáin i rith an tsamhraidh agus a raibh easpa áiseanna ann do chuairteoirí.
Ba é ab aidhm don tionscadal nua ósais uirbeach cuimsitheach inbhuanaithe a chruthú ina mbeadh fásra méith, bainistíocht uisce báistí áitiúil, cur chun cinn na soghluaisteachta éiceabháiche, suiteálacha lasmuigh atá comhtháite ó thaobh aeistéitiúla de, soilsiú LED éifeachtúil, ábhair chomhfhiosacha ó thaobh an chomhshaoil de amhail móta coirte péine, caomhnú ithreach, seirbhísí poiblí feabhsaithe, agus bainistiú dramhaíola freagrach.
Critéir don ardchaighdeán (comhthéacs, ómós áite, éagsúlacht, áilleacht)
- Chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar na dúshláin a bhaineann leis an gceantar agus chun na réitigh riachtanacha maidir leis an mbonneagar a réamh-mheas, chuir an bardas tús le suirbhé ar thuairimí an phobail. Bailíodh moltaí agus aiseolas ó chónaitheoirí, agus measadh iad go léir laistigh de shrianta praiticiúla agus comhchuibhíodh iad chun an plean forbartha is fearr don cheantar a mhúnlú.
- Tá an chríoch deartha chun freastal go rathúil ar ghrúpaí sóisialta éagsúla agus chun muintearas a chothú dóibh, ina measc sin an óige, páistí, teaghlaigh, daoine aonair a bhfuil lagú soghluaisteachta orthu, gairmithe spóirt gníomhacha agus tosaitheoirí, chomh maith le díograiseoirí fóillíochta gníomhaí.
- Roghnaíodh an troscán amuigh faoin aer go tuisceanach chun go dtiocfadh sé le carachtar na cathrach, agus marthanacht á cinntiú ag an am céanna. Leis na plandaí a roghnaíodh, cuireadh dálaí aeráide agus uirbeacha na Laitvia san áireamh, agus bíonn na plandaí ag soláthar duilliúr éagsúil le linn na séasúr. Roghnaíodh cineálacha crann a bhí oiriúnach do cheantair ghníomhacha, agus tugadh tús áite don tsábháilteacht sna roghanna a rinneadh ó thaobh titim duilleog de.
Rialachas agus bainistíocht
Is í Comhairle Cathrach Valmiera a rinne maoirseacht ar an tionscadal.
Rinne grúpa oibre, ina raibh thart ar sheisear ionadaithe ón Údarás Bainistíochta Eastáit Réadmhaoine, ón Rannóg Pleanála Uirbí agus ón mBainistíocht Bhardasach, bainistiú ar fhorbairt an tionscadail laistigh den bhardas.
Faoi láthair, is faoi fhreagracht an bhardais a thagann cothabháil agus glaine na páirce, i gcomhar le hionad óige Valmiera ‘Vinda’. Eagraítear gníomhaíochtaí páirce i bpáirt le hÚdarás Riaracháin an Bhardais um Spórt
Buiséad agus maoiniú
€1,157,300 ab ea buiséad iomlán an tionscadail.
Cumhdaíodh 57% den chostas iomlán le buiséad bardasach Valmiera, úsáid iasachta ón Státchiste san áireamh.
Tháinig 43% den chostas iomlán ó thabhartas ó Chuideachta Foraoisí an Stáit (Latvijas valsts meži) atá curtha i leataobh chun limistéar oideachais spóirt agus fóillíochta a chruthú do pháistí agus do theaghlaigh.
Smaointe inaistrithe
Leideanna ón gcathair
- Aghaidh a thabhairt ar riachtanais an phobail agus dínit an lucht spóirt aicsin a chinntiú sa phobal.
- Suirbhé bliantúil na saoránach a dhéanamh maidir le tosaíochtaí forbartha áitiúla agus ionchais na saoránach a shainaithint. Tá TÁBHACHT OLLMHÓR le rannpháirtíocht an phobail le haghaidh tionscadal rathúil.
- Bonneagar nua a chomhtháthú agus a mheascadh le hinstitiúidí feidhmiúla atá ann cheana.
Sonraí teagmhála
Déan teagmháil le bardas Valmiera trí ríomhphost.