Skip to main content
Culture and Creativity home page Culture and Creativity home page

Culture and Creativity

Saothair liteartha agus aistriúcháin liteartha na hEorpa a chur i gcúrsaíocht

Creative Europe literature calls

Cuireann Eoraip na Cruthaitheachta tacaíocht ar fáil do thionscnaimh maidir le saothair liteartha na hEorpa a aistriú agus a chur chun cinn.

Tá sé d’aidhm aige sin cúrsaíocht thrasnáisiúnta agus éagsúlacht shaothair liteartha na hEorpa a leathnú amach trí aistriúcháin ar leabhair a scríobhadh i dteangacha neamhfhorleathana a spreagadh agus iad a chur chun cinn. Ina measc sin tá na teangacha go léir a aithnítear go hoifigiúil sna Ballstáit, seachas Béarla, Gearmáinis, Fraincis, Spáinnis (Caistílis) agus Iodáilis.

Cuspóir eile atá ag Eoraip na Cruthaitheachta ná cuidiú chun saothair liteartha na hEorpa a chur ar fáil do phobail nua laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin, sin agus iomaíochas earnáil na leabhar a neartú trí chomhar a spreagadh laistigh den slabhra luacha leabhar.

Tacaíocht a thabhairt d’aistriúcháin ar shaothair liteartha na hEorpa

Cuireann an scéim maoiniú ar fáil d’fhoilsitheoirí chun tacú le pacáiste saothar ficsin a aistriú, a chur chun cinn agus a dháileadh ó theangacha incháilithe agus isteach iontu. Ba cheart go mbeadh 5 shaothar ficsin incháilithe ar a laghad mar chuid den phacáiste sin.

Is féidir le hiarratasóirí gníomhaíochtaí ‘easpórtála’ gnólacht go gnólacht a chur san áireamh freisin, rud a chuideoidh chun díolachán ceart aistriúcháin a chothú san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Incháilitheacht le haghaidh maoiniúcháin

Eagraíochtaí atá gníomhach in earnáil na foilsitheoireachta agus na leabhar, tá siad incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Ní féidir le daoine aonair iarratas a dhéanamh.

Tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais

Faigh tuilleadh eolais faoi Shaothair Liteartha na hEorpa a chur i gCúrsaíocht agus faoi na glaonna eile ar thograí faoi Shraith an Chultúir de chuid Eoraip na Cruthaitheachta.

Beidh mionsonraí faoin bpróiseas iarratais ar fáil in am trátha ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr; i rannán na nglaonna ar thograí; agus trí Dheasca Eoraip na Cruthaitheachta.

Tagged in:  Eoraip na Cruthaitheachta