Skip to main content

Culture and Creativity

Leabhair agus Foilsiú

A woman relaxing on a sofa with a book

Tá earnáil na foilsitheoireachta ar cheann de na tionscail chultúir is mó san Eoraip agus meastar gurb é €36-38 mbilliún an luach margaidh iomlán ata aici. Meastar go bhfuil breis agus leathmhilliún duine fostaithe sa slabhra luacha foriomlán leabhar (údair, díoltóirí leabhar, clódóirí, dearthóirí etc. san áireamh), de réir thuarascáil 2018 Chónaidhm Fhoilsitheoirí na hEorpa. Agus níos mó ná 500,000 teideal foilsithe gach bliain, tá earnáil leabhar na hEorpa an‑saibhir agus an‑éagsúil.

Tá neart leabhair Eorpacha ann, áfach, nach bhfuil fáil ag Eorpaigh orthu. Na príomhchúiseanna leis sin ná ilroinnt teangeolaíochta agus tíreolaíochta na margaí agus forlámhas na leabhar a scríobhadh i mBéarla, arb ionann iad agus 80-90% de na haistriúcháin atá ar fáil san Eoraip. Tá roinnt tíortha Eorpacha ann arb annamh a litríocht aistrithe go teangacha eile. Dá dheasca sin, níl rochtain ag an‑chuid léitheoirí Eorpacha ar shaibhreas agus ar éagsúlacht litríocht na hEorpa.

Bhí earnáil na leabhar thíos freisin le hoiriúnú mall don aistriú digiteach agus meath leanúnach ar léitheoireacht na litríochta.

Chuir géarchéim COVID‑19 leis na treochtaí sin agus leis an ngá tacú le téarnamh agus iomaíochas earnáil na leabhar.

Tacaíonn an tAontas Eorpach le hearnáil na leabhar tríd an meascán seo a leanas d’uirlisí agus beartais, idir mhaoiniú, idirphlé agus rialacháin.

Tacaíocht d’earnáil na leabhar sa chlár Eoraip na Cruthaitheachta

Is iad príomhchuspóirí an chláir Eoraip na Cruthaitheachta cúrsaíocht na litríochta a athneartú san Eoraip, lucht léitheoireachta na leabhar Eorpach a éagsúlú agus iomaíochas na hearnála foilsitheoireachta a neartú.

Tacaíocht don aistriúchán liteartha

Cuireann an clár Eoraip na Cruthaitheachta cómhaoiniú ar fáil d’fhoilsitheoirí chun aistriúchán agus foilsiú leabhar, go háirithe ó theangacha ag a bhfuil níos lú ionadaíochta, a spreagadh. Clúdaíonn an tacaíocht airgeadais 50% de chostais an aistriúcháin, mar aon le leabhair a dháileadh agus a chur chun cinn do lucht léitheoireachta níos mó freisin. Eagraítear formhór na ngníomhaíochtaí cur chun cinn (cuairteanna údar, féilte, léamha) i gcomhar le díoltóirí leabhar, leabharlanna nó féilte litríochta a neartaíonn éiceachóras áitiúil/náisiúnta na leabhar.

Ó thús an chláir, roghnaíodh breis agus 320 tionscadal le foilsitheoirí Eorpacha chun breis agus 2700 leabhar i 41 theanga éagsúil ar fud na hEorpa a aistriú agus a chur chun cinn. Leis an éagsúlacht teangacha agus na seánraí léirítear na teangacha agus an éagsúlacht chultúrtha a bhaineann leis an litríocht san Eoraip.

Comhar agus ardán chun saothair a chur chun cinn

Anuas ar an tacaíocht do na haistriúcháin liteartha, cómhaoiníonn an clár réimse tionscadal comhair agus ardán. Is léiriú iad na tionscadail seo a leanas ón am atá thart agus atá fós ar bun ar an gcaoi a dtacaíonn Eoraip na Cruthaitheachta le hearnáil na leabhar ó cheann ceann shlabhra luacha na leabhar, ón údar go dtí an léitheoir.

  • Forbairt tallainne: Déanann CELA (Ag Nascadh Ealaíontóirí Liteartha atá ag Teacht Chun Cinn) 30 údar atá ag teacht chun cinn, 80 aistritheoir atá ag teacht chun cinn agus 6 ghairmí liteartha atá ag teacht chun cinn a chur faoi oiliúint agus a nascadh le chéile chun deis níos mó a chur ar fáil do theangacha beaga agus an t‑athrú a stiúradh.
  • Cur chun cinn agus dáileadh ar líne: Fiontar digiteach uile‑Eorpach a reáchtálann 13 fhoilsitheoir greannán Eorpacha ó 8 dtír Eorpacha é European comics. Cuidíonn sé le cur chun cinn agus forbairt greannán agus úrscéal grafach Eorpach le roinnt gníomhaíochtaí
    • catalóg dhigiteach chomhchoiteann a chruthú
    • camchuairteanna údar agus imeachtaí a eagrú ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh
    • suíomh gréasáin a bhunú do léitheoirí agus gairmithe greannán 
  • Cur chun cinn na filíochta: Tá ardán Versopolis, a cruthaíodh in 2017, i ndiaidh fás le himeacht na mblianta agus tá 23 fhéile filíochta agus liteartha san Eoraip mar chuid de anois. Eatarthu, tá breis agus 200 file ó 32 theanga éagsúla Eorpacha curtha chun cinn acu agus tá breis agus 1,800 dán leo foilsithe ar an suíomh gréasáin.
  • Líonrú gnólacht le gnólacht: Is líonra idirnáisiúnta de na haontaí leabhar is mó ar domhan (Frankfurt agus Bologna), roinnt aontaí náisiúnta agus cumainn foilsitheoireachta é tionscadal ALDUS (Líonra Aontaí Leabhar na hEorpa), agus an sprioc dheiridh aige tírdhreach foilsitheoireachta na hEorpa atá ag athrú go tapa a ghairmiúlú a thuilleadh.
  • Rannpháirtíocht an lucht léitheoireachta - is é is aidhm do SILO (Oibríochtaí Litríochta atá Cuimsitheach go Sóisialta) litríocht eachtrach na hEorpa a dhéanamh inrochtana do chách. Oibríonn eagraíochtaí ó sheacht dtír go díreach le saoránaigh, dídeanaithe rannpháirteacha, othair ospidéil, aosaigh óga, príosúnaigh, mic léinn mheánleibhéil agus daoine scothaosta chun an litríocht a thabhairt chomh fada leis na sráideanna ar imill cathracha, isteach in ospidéil agus cibé áit eile a dteastaíonn scéal maith.
  • Léitheoireacht agus oideachas: Is é is aidhm do thionscadal READ ON (léitheoireacht ar mhaithe le Taitneamh, Gnóthú agus Forbairt Daoine Óga) cur le suim daoine óga sa litríocht agus iad a mhealladh tríd an bpléisiúr a bhaineann siad as an léitheoireacht a chothú agus a scileanna digiteacha á n‑úsáid. Eagraíonn an tionscadal - ina bhfuil comhpháirtíocht de shé thír - imeachtaí i scoileanna, ag féilte do dhéagóirí, i dtithe tábhairne agus in ionaid neamhfhoirmiúla, agus cuireann sé réitigh ar líne ar fáil le cinntiú go bhfuil cur amach ag daoine óga ar leabhair. Ní namhaid í an tsochaí dhigiteach atá ag athrú go tapa, ach cuireann sé bealach ar fáil chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar scileanna léitheoireachta daoine óga, scileanna a bheidh de dhíth orthu chun go n‑éireoidh leo amach anseo ina saol acadúil, sóisialta agus oibre.

Cad lena bhfuiltear ag súil sa chéad chlár eile d'Eoraip na Cruthaitheachta (2021-27)

Tá cinneadh déanta ag an gCoimisiún Eorpach a thacaíocht le hearnáil na leabhar a threisiú faoi chuimsiú an chláir Eoraip na Cruthaitheachta amach anseo le maoiniú méadaithe chun leabhair a aistriú agus a chur chun cinn agus tacaíocht earnáilsonrach chun cur le hoiliúint, gairmiúlú agus líonrú laistigh d’earnáil na leabhar.

Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh

Cuireann Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh (EUPL) béim ar chruthaitheacht agus ar shaibhreas forleathan litríocht chomhaimseartha na hEorpa i réimse an fhicsin. Ar an mbealach seo, cuireann sí cúrsaíocht na litríochta laistigh den Eoraip chun cinn agus spreagann sí spéis mhéadaithe i saothair eachtrannacha liteartha.

Cuibhreannas de Chomhairle Scríbhneoirí na hEorpa, Cónaidhm Fhoilsitheoirí na hEorpa agus Cónaidhm Dhíoltóirí Leabhar na hEorpa agus an Domhain, is iad eagraíonn an duais le tacaíocht Eoraip na Cruthaitheachta. A bhuí leis an duais seo, agus ó bronnadh í den chéad uair in 2008 í, tá margaí nua bainte amach ag 135 údar atá ag teacht chun cinn as 41 tír san Eoraip agus a gcuid saothar aistrithe go teangacha éagsúla.

Idirphlé agus comhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara

Bíonn an Coimisiún i mbun idirphlé leanúnach leis an earnáil agus bhunaigh sé grúpa Modha Oscailte Comhordúcháin ar an ilteangachas agus ar an aistriúchán le déanaí, a bhfuil sé mar aidhm aige moltaí a thabhairt maidir leis an gcaoi le feabhas a chur ar chúrsaíocht saothar san Eoraip agus chun earnáil an aistriúcháin a neartú.

Related resources

The European Union Prize for Literature

This prize puts a spotlight on the wealth of creativity and diversity of Europe’s contemporary literature, particularly in the field of fiction. In this way, it promotes the circulation of literature within Europe and to encourages greater interest in non-national literary works.

The prize is organised by the Federation of European Publishers and the European and International Booksellers Federation, with the support of Creative Europe. Thanks to this prize and since its first edition in 2008, 135 emerging authors from 41 European countries have reached new markets as their works have been translated into several languages.

European Union Prize for Literature

Day of European Authors

The Day of European Authors is a new initiative of the European Commission to connect younger generations with book reading and to help them discover the diversity of European literature. The Day is also an opportunity to emphasise the importance of all the programmes and initiatives already running in individual EU countries to promote reading. The first edition of the Day of European Authors took place on 27 March 2023.

Day of European Authors

Dialogue and cooperation with EU member states and stakeholders

The Commission is in constant dialogue with the sector through, for instance, Open Method of Coordination (OMC) groups bringing together representatives and policymakers form EU members state and practitioners from the book value chain.

OMC report on translation and multilingualism - Translators on the cover report

The EU Expert Group on Multilingualism and Translation published its "Translators on the Cover" report in February 2022 on the role of translators for the cultural and creative sectors and the circulation of books in Europe.

The report proposes recommendations to improve translators’ working conditions and professional developments.

It also includes recommendations on how EU and member states’ public institutions can work together to stimulate the translation and the promotion of European books. The focus of the report is on literary translation, but the expert group gives also key recommendations for the audiovisual and theatre translation sectors.

Future OMC group on libraries

Libraries play a key role in Europe’s democratic, social, cultural, and educational landscape at all levels. The recently adopted EU Work plan for culture 2023-26 endorsed by the culture ministers provides for the establishment of a new OMC group on public libraries to be launched in 2024.

The group will explore the future of public libraries and in particular how to strengthen the multiple roles of libraries as gateways to and transmitters of cultural works, skills and European values.