Skip to main content
Culture and Creativity home page Culture and Creativity home page

Culture and Creativity

Duais an Aontais Eorpaigh don Litríocht

Is éard atá i nDuais Litríochta an Aontais Eorpaigh tionscnamh bliantúil a seoladh in 2009 chun aitheantas a thabhairt do na húdair is fearr atá ag teacht chun cinn san Eoraip agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht teanga agus barr feabhais na litríochta sna tíortha atá rannpháirteach sa chlár Eoraip na Cruthaitheachta.

Cuspóirí na duaise

Leis an Duais, táthar ag iarraidh an méid seo a leanas a bhaint amach:

  • léargas a thabhairt ar éagsúlacht agus saibhreas na hEorpa ó thaobh an fhicsin chomhaimseartha de
  • próifíl na n-údar iomráiteach a ardú lasmuigh dá dtír dhúchais agus cuidiú leo teorainneacha a thrasnú agus léitheoirí níos faide i gcéin a mhealladh chuig a saothair
  • foilsiú, aistriúchán, díolachán agus léitheoireacht na leabhar ó thíortha Eorpacha eile a chur chun cinn
  • cúrsaíocht thrasnáisiúnta na litríochta a spreagadh san Eoraip agus níos faide i gcéin

An dóigh a n-eagraítear an Duais

Gach bliain i mí Feabhra, ainmnítear 14 scríbhneoir agus a gcuid leabhar go náisiúnta, is é sin scríbhneoir amháin ag gach tír rannpháirteach. Cuirtear na húdair ainmnithe uile chun cinn ar fud na hEorpa, agus is é an aidhm atá ann pobal idirnáisiúnta níos leithne a bhaint amach, agus nascadh le léitheoirí lasmuigh dá dteorainneacha náisiúnta agus teanga. I mí Aibreáin bronnann giúiré Eorpach a bhfuil seachtar ann ‘Grand Prix’ amháin agus 5 mholadh speisialta i gcatagóirí éagsúla ó liosta na 14 scríbhneoir ainmnithe.

Is i dtimthriallta 3 bliana a bhíonn an Duais, rud a fhágann gur féidir le gach ceann de na 41 thír rannpháirteach sa chlár Eoraip na Cruthaitheachta scríbhneoir a ainmniú.  Tá an timthriall reatha á eagrú ag cuibhreannas ina bhfuil Cónaidhm Fhoilsitheoirí na hEorpa (FEP) agus Cónaidhm Dhíoltóirí Leabhar na hEorpa agus an Domhain (EIBF).

Tagged in:  Eoraip na Cruthaitheachta